Scannal íocaíochta RTÉ
Tugadh íocaíochtaí iomarcaíochta ollmhóra d'fheidhmeannaigh shinsearacha Raidió Teilifís Éireann sna 2010idí agus 2020idí. Ina theannta sin, bhí RTÉ sáinnithe i gconspóid mhór ó d’admhaigh iad i mí an Mheithimh 2023 go raibh an pá a íocadh le Ryan Tubridy, láithreoir mór le rá, idir 2017-2022 €345,000 níos airde ná mar a thuairiscigh RTÉ go poiblí,[1] agus chun an chuma a chur ar an scéal go raibh Tubridy ag fáil pá níos lú ná €500,000 sa bhliain. Ag an am céanna, bhí ciorruithe á moladh go haer ag Dee Forbes, Príomh-Stiúrthóir ar RTÉ ag an am[2] (ceapadh í in 2016 agus tugadh bata agus bóthar di in 2023).
Cineál | scannal polaitiúil |
---|---|
Dáta na bliana | 2020í |
Tír | Éire |
Rannpháirtí | |
Croineolaíocht | |
Toy Show The Musical (en) | |
The Late Late Show | |
Chroith na scannail muinín an phobail sa chraoltóir náisiúnta agus bhain na conspóidí siar as an Rialtas ag an am.
Cúlra
Tuarastail phearsantachta RTÉ
I mí na Nollag 2018, d'fhoilsigh RTÉ liosta na dtuarastal a íocadh lena 10 bpearsantacht b'airde pá in 2016: Ryan Tubridy: €495,000 (agus uasteorainn €500,000 i bhfeidhm, mar dhea); Ray D'Arcy: €450,000; Joe Duffy: €389,988; Sean O'Rourke: €308,964; Marian Finucane: €300,617; Miriam O'Callaghan: €299,000; Claire Byrne: €216,000; Bryan Dobson: €198,146; George Hamilton: €186,195; Mary Wilson: €185,679
Conspóid Tubridy
In 2023, d'admhaigh RTÉ gur íoc RTÉ €345,000 faoi cheilt le Ryan Tubridy, airgead sa bhreis ar a thuarastal nár tuairiscíodh don phobal ná don Oireachtas. Tháinig an scannal chun solais tar éis fiosrú ón iniúchóir Deloitte.[3]
In 2020, scríobh Breda O'Keeffe, Stiúrthóir Airgeadais RTÉ ag an am, chuig Tubridy agus a ghníomhaire: "Rinneamar dul chun cinn maith faoin gcuma a bheadh ar an socrú tráchtála…agus is féidir linn litir thánaisteach a chur ar fáil duit chun an táille a fhrithghealladh do thréimhse an chonartha."[4]
Íocaíochtaí iomarcaíochta
Le linn 2023, dhiúltaigh RTÉ conradh fostaíochta Forbes a sholáthar do Choiste na gCuntas Poiblí i nDáil Éireann, agus eolas a sholáthar maidir leis na pacáistí airgeadais scoir a tugadh di agus d'iar-Stiúrthóir Tráchtála an chraoltóra, Geraldine O'Leary agus iar-Phríomh-Oifigeach Airgeadais, Breda O'Keefe.[5]
Ach sa bhliain 2024, tháinig sé chun solais gur tugadh íocaíochtaí iomarcaíochta ollmhóra do dhaoine áirithe nuair a d'fhág siad RTÉ sna 2020idí. Mar shampla tugadh íocaíocht €450,000 d'iarStiúrthóir Airgeadais RTÉ Breda O'Keefe nuair a d'fhág sí an eagraíocht faoi scéim iomarcaíochta in 2020.
Níor cheadaigh Bord RTÉ an íocaíocht mar ba chóir de réir rialacha RTÉ. An rud a tharla ná rinne Breda O'Keeffe cás gnó ar son an iomarcaíocht a cheadú di agus gur idir í féin agus Príomh-Stiúrthóir RTÉ ag an am Dee Forbes a pléadh an scéal.[6]
Seó na mBréagán
Bhí an ceoldráma bunaithe ar Sheó na mBréagán ina ábhar plé freisin, agus ceisteanna ag eascairt faoin gcaoi ar ceadaíodh an tionscadal, a chaill dhá mhilliún agus dhá chéad míle euro.[7]
Iarmhairtí
Shocraigh an Rialtas in 2022 go gcoimeádfar an ceadúnas teilifíse ach go ndéanfar "athchóiriú" air.[8] Ach níor tharla faic. Tháinig brú nua in 2024 ar an Rialtas córas úr maoinithe do na meáin sheirbhíse phoiblí a thabhairt isteach.[9]
I mí Feabhra 2024, dúirt Mary Lou McDonaldí go raibh daoine ag vótáil lena gcosa gan an ceadúnas teilifíse a íoc agus d'iarr arís go gcuirfí deireadh leis go hiomlán.[7]
Féach freisin
Tagairtí
- "Imní faoin lorg a fhágfaidh ciorruithe RTÉ ar chraoltóireacht na Gaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-09-15). Dáta rochtana: 2024-02-21.
- Sinéad Crowley (2019-11-06). "RTÉ to cut jobs and pay to address financial crisis" (as en).
- Nuacht RTÉ (2023-06-26). "Ceannasaí RTÉ tar éis éirí as faoin scannal íocaíochtaí" (as ga-IE).
- "'Tá drochsmál curtha ar m'ainm' – ionsaí fíochmhar déanta ag Ryan Tubridy ar RTÉ" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-07-11). Dáta rochtana: 2024-02-20.
- Nuacht RTÉ (2023-09-22). "Níl conradh fostaíochta Dee Forbes á sholáthar ag RTÉ" (as ga-IE).
- Nuacht RTE (2024-02-14). "€450,000 a íocadh le Breda O'Keeffe nuair a d'fhág sí RTÉ" (as ga).
- Conradh na Gaeilge, Londain (24 Feabhra 2024). "Nuacht Mhall: (Baile Átha Cliath) on Apple Podcasts" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-03-15.
- Nuacht RTÉ (2022-07-12). "An táille ar cheadúnas teilifíse le fanacht mar atá - an Rialtas" (as ga-IE).
- Nuacht RTÉ (2024-02-19). "Íocaíochtaí scoir: 'comhairle dlí úr le fáil ag RTÉ gan mhoill'" (as ga-IE).