Santo Domingo
Is í Santo Domingo de Guzmán (nó Santo Domingo), le daonra 2,253,437 sa bhliain 2006, an phríomhchathair agus an chathair is mó sa Phoblacht Dhoiminiceach, agus an seachtú cathair is mó i Meiriceá Thuaidh. Tá an chathair suite ar an Mhuir Chairib ar inbhear abhann Ozama. Is í an lonnaíocht Eorpach is sine atá ar marthain ar ilchríocha Mheiriceá.
Santo Domingo | |||||
---|---|---|---|---|---|
Santo Domingo de Guzmán (es) | |||||
Leasainm | Ciudad primada de América | ||||
Ainmnithe in ómós | San Doiminic | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Phoblacht Dhoiminiceach | ||||
Administrative territorial entity of the Dominican Republic (en) | Distrito Nacional (en) | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 1,128,678 (2021) | ||||
• Dlús | 866.75 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Greater Santo Domingo (en) | ||||
Achar dromchla | 1,302.2 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Muir Chairib, Abhainn Ozama, Abhainn Isabela agus Abhainn Haina | ||||
Airde | 14 m | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Bunaitheoir(í) | Bartolomé Colón | ||||
Cruthú | 1496 | ||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 10100 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 809, 829 agus 849 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | adn.gob.do |
Ba é Bartolomé Colón, deartháir an taiscéalaí Cristobel Colón, a bhunaigh an chathair go hoifigiúíl ar an 5 Lúnasa, 1498, ach bhí Spáinnigh lonnaithe sa cheantar le cúpla bliain roimhe sin.
Rinne spéirling an-damáiste don chathair sa bhliain 1930 agus thug sé sin deis don deachtóir Rafael Trujillo í a atógáil agus Ciúdad Trujillo a thabhairt mar ainm uirthi, ach nuair a maraíodh Trujillo sa bhliain 1961 tugadh a seanainm ar ais di.
Bhunaigh Bartolomeo Colón coilíneacht agus thug sé La Isabela uirthi in ómós do bhanríon Isabela na Spáinne, ach athraíodh an t-ainm go Santo Domingo go gearr ina dhiaidh sin. Scrios spéirling an baile sa bhliain 1502 agus thóg an Gobharnóir Nicolás de Ovando baile nua ar shuíomh eile in aice láimhe. Tá leagan amach na cathrach sin le feiceáil go fóill sa cheantar cóilíneach nó an Zona Colonial a ainmníodh mar Ionad Oidhreachta Domhanda sa bhliain 1990. Tá páláis agus séipéil mhaorga ón séú haois déag sa cheantar seo a léiríonn stíl ailtireachta na linne.
Baineadh úsáid as Santo Domingo mar cheanncheathrú do chuid mhór den taiscéalaíocht a rinne na Spáinnigh sa domhan nua go dtí gur tháinig coilíneachtaí eile chun tosaigh go háirithe tar éis don bhfoghlaí mara Sasanach Francis Drake an chathair a ghabháil agus a scrios sa bhliain 1586. Idir 1795 agus 1822 bhí an chathair ina cnámh spairne idir an Spáinn agus an Fhrainc, ach sa bhliain 1821 bhí sí ina príomhchathair ag stát neamhspleách ar ar tugadh Háítí Español. Níorbh fhada gur ghabh na comharsana i Háítí an tír agus an chathair agus d'fhág go leor de na Spáinnigh dá bharr sin.