Súlach gastrach

Meascán substaintí a tháltar ag cealla is faireoga taobh istigh den ghoile. Bíonn aigéad hidreaclórach (ó chealla pairiatacha) ann, peipsinigin (ó phríomhchealla), múcas is fachtóir intreach (ó chealla múcasacha). Is féidir go gcuirfidh tál iomarcach aigéid hidreaclóraigh is peipsinigine tús le hothrais. Muna féidir dóthain fachtóra intrigh a thál, féadfaidh ainéime mharfach tarlú.[1]

Tagairtí

  1. Hussey, Matt (2011). "Súlach gastrach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 634.
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.