Sí-abhabha
Is é an sí-abhabha[1] nó chihuahua an pór madra is lú dá bhfuil ann.
![](../I/Chihuahua_.jpg.webp)
![]() | |
Ginearaltaí | |
---|---|
Tír bhunaidh | Meicsiceo ![]() |
Méid áil | 3.2 ![]() |
Tréithe fisiciúla | |
Meáchan | 1.5 kg agus 2.5 kg ![]() |
Aicmiú agus caighdeán póir | |
Cód catalóige | 218 ![]() ![]() |
Cur síos
Tá sé in ainm a bheith éirimiúil agus neirbhíseach. Tá cuma shaintréitheach air. De ghnáth bíonn na súile agus na cluasa mór. Bíonn an tsrón gearr. Bíonn na hainmhithe 500g-3kg ar meáchan.
Stair
D'eascair an t-ainm ó stát Chihuahua i Meicsiceo. Ní léir conas a tháinig na madraí seo ar an bhfód, ach ó lár na naoú haoise déag ar aghaidh, bhí turasóirí á gceannach i stát Chihuahua. Deirtear gurbh iad na Techichi, madraí beaga a bhí ina gcónaí Meicsiceo roimh theacht na nEorpach, sinsir an phóir.[2]
Sa bhliain 2023, ba ea í Pearl as Florida an madra is lú ar domhan go hoifigiúil,. Bhí sí chomh fada le nóta dollair ($1) agus bhí 0.553 cileagram meáchain inti.[3]
Tagairtí
- Pádraig Ó Mianáin, eag.: “chihuahua — Aistriúchán Gaeilge ar chihuahua (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2024-01-24.
- The Chihuahua Handbook, D. Caroline Coile, Ph.D., foilsithe ag Barron's, 2000; ISBN 0-7641-1521-9.
- ELeathanach 439, 2 Bealtaine 2023
Naisc
- Chihuahua ag an Open Directory Project (Tionscadal Eolaí Oscailte)
- Le standard de la race Curtha i gcartlann 2006-11-25 ar an Wayback Machine
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.