Séarlas III
Is é Séarlas III rí na Ríochta Aontaithe. Rugadh ar 14 Samhain 1948 é. Is mac d'Eilís II agus do Phrionsa Pilib é agus is athair é do na bprionsaí Harry agus William de chuid rítheaghlach na Breataine. Thug sé cuairt ar Éirinn sa bhliain 2018.[1]
Pósadh

Bhí an Prionsa Séarlas pósta don chéad uair ar Diana, Banphrionsa na Breataine Bige. Ar an 29 Iúil 1981, phós Diana Spencer agus Séarlas in Ardeaglais Naomh Pól, Londain. "Deirtear faoi go raibh dearadh an ghúna pósta ar an rún faisin ba mhó riamh[2]. Bhreathnaigh 700 milliún duine ar shearmanas an phósta féin ar an teilifís ar fud an domhain agus níl dabht ar bith ach gurbh í réalta faisin a linne í"[3].
Conspóidí
Ar an 16 Meitheamh 1992, foilsíodh leabhar conspóideach Andrew Morton faoi Ríshliocht Windsor agus a gcuid geáitsí.
Ar an 20 Nollaig 1995, dúirt an bhanríon Éilis go gcaithfidh Diana & Séarlas colscaradh a fháil[4]. Tá Séarlas pósta anois ar Camilla, Bandiúc Chorn na Breataine.
Féach freisin
Tagairtí
- "Léiríonn an urraim ar fad do ríshliocht Shasana gur chóir dúinn níos mó measa bheith againn orainn féin…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-05-06.
- Deirtear gur £9,000 a bhí mar chostas air, ag an am. Lánúin óg, David agus Elizabeth Emanuel, a raibh cáilíochtaí bainte amach acu beirt mar dhearthóirí faisin ón Royal College of Art, a roghnaigh an bhrídeog lena gúna a dhéanamh. As síoda ar dhath an eabhair le tafata agus lása seanda de chuid Charraig Mhachaire Rois a rinneadh gúna na bainise ar a raibh 10,000 péarla agus seacain.
- Tuairisc.ie, 31 Iúil 2016 http://tuairisc.ie/guna-posta-lady-di-an-run-faisin-a-ba-mho-riamh/
- http://news.bbc.co.uk/onthisday/hi/dates/stories/december/20/newsid_2538000/2538985.stm
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |