Séamas V, Rí na nAlbanach
Bhí Séamas V (c. 10 Aibreán, 1512 - 14 Nollaig, 1542) ina Rí na hAlban ón dáta 9 Meán Fómhair, 1513 go dtí a bhás roimh am ag aois a tríocha, a lean briseadh na nAlbanach ag Cath Bhlàr Shalmhaigh. Ba í Máire an t-aon leanbh dlisteanach marthanach a bhí ag an Rí Séamas V. Ní raibh sí ach 6 lá d'aois, nuair a fuair a hathair bás, agus rinneadh Banríon na nAlbanach dí.
Luthshaol
Mac Rí Séamas IV na nAlbanach, agus an bhanphrionsa Margaret Túdar Shasana, rugadh é ar an 10ú Aibreán, 1512, i bPálás Ghleann Iucha, Labhdaidh an Iar, agus bhí se díreach 17 mhí déag d'aois nuair a maraíodh a athair ag Cath Flodden Field ar an 9ú Meán Fómhair 1513. Tháinig sé i gcoróin sa Séipéal Ríoga i gCaisteal Sruighlea, ar an 21ú Meán Fómhair, 1513. Le linn a óige, rialaigh leasríthe an tír, ar dtús ba ea an chéad leasraí ná a mháthair, Margaret Túdar (deirfiúr an Rí Anraí VIII Shasana), go dtí gur athphós sí an bhliain dár gcionn, agus ina dhiaidh sin b'é John Stewart, 2nd Diúc Albany, a bhí ina leasraí. B'é John Stewart an dara duine le teacht i gcomharbacht ar Séamas V, i ndiaidh Alexander Stewart, deartháir óg an Rí. Sa bhliain 1525, ghlac Archibald Douglas, an 6ú Iarla Aonghas, leasathair an rí óg Séamas faoi choimeád, agus bhí sé mar phríosúnach fíorúil ar feadh trí bliana, a fheidhmiú cumhachta ar a son. D'éalaigh Séamas sa deireadh thiar thall sa bhliain 1528 agus coinneáil sé féin an tsriain chumhachta as sin amach.