Séamas II agus VII
Bhí Séamas II (14 Deireadh Fómhair 1633 - 16 Meán Fómhair 1701) ina rí ar Shasana agus Éirinn ó 6 Feabhra 1685 go 11 Nollaig 1688. Mar Séamas VII, bhí sé ina rí ar Albain
Beatha
Geopholaitíocht
Sa bhliain 1669, chuir Séamas an pharlaimint agus na huaisle ina aghaidh nuair a thiontaigh sé ina Chaitliceach agus nuair a dhearbhaigh sé cearta iomlánacha na monarcachta.[1][2]

Sa bhliain 1672, rinne Rí Louis na Fraince ionradh ar Phalaitíneacht na Réine agus ar an Ísiltír.[3] Tháinig Liam Oráiste chun cinn mar phearsa thábhachtach sa chomhghuaillíocht leathan a tháinig chun cinn in aghaidh na Fraince mar thoradh ar an ionradh sin.
Snaidhmeadh an dá shaincheist sin le chéile mar aon ábhar amháin nuair a tháinig Liam, ar nia agus cliamhain Shéamais é, go Sasana i mí na Samhna 1688 agus 15,000 saighdiúir in éineacht leis. Corónaíodh é féin agus a bhean chéile, Máire, iníon Shéamais, mar rí agus mar bhanríon.
Tháinig a mhac céile, Liam Oráiste (nó Liam III) agus a iníon Máire i gcomharbacht air nuair a cuireadh as cumhacht é i Sasana.[3]
_tussen_Jacobus_II_en_Willem_III%252C_12_juli_1690_Rijksmuseum_SK-A-605.jpeg.webp)
Feachtas in Éirinn
Tháinig Rí Séamas i dtír in Éirinn i mí an Mhárta 1689 agus 6,000 saighdiúir Francach in éineacht leis mar iarracht a choróin a fháil ar ais arís.[4]
I ndiaidh an ratha i dtosach báire i nDroim Mór, thig leis na Seacaibítigh gabháil leo ó thuaidh agus Béal Feirste a chur faoina smacht. Ba ag Caisleán na Croma an 28 Iúil 1689, i ngar d‘Inis Ceithleann, a fuarthas an tréanlámh in uachtar ar na Seacaibítigh den chéad uair.[5]
_-_A_Lost_Cause%252C_Flight_of_King_James_II_after_the_Battle_of_the_Boyne_-_N01530_-_National_Gallery.jpg.webp)
Cath na Bóinne
D’fhéadfadh sé gurb é Cath na Bóinne an cath is cáiliúla i stair na hÉireann.
_-_panoramio.jpg.webp)
Teitheadh
Is go St Germain-en-Laye sa Fhrainc a theith Séamas tar éis dó Cath na Bóinne a chailleadh in 1690[6]. Thug col ceathrair Shéamais, Louis XIV, rí na Fraince, dídean dó. Is sa Château-Vieux de St Germain-en-Laye a chaith sé an chuid eile dá shaol. Is ann a fuair sé bás chomh maith in 1701. Tuigtear gur sa séipéal áitiúil atá sé curtha.

Bhuail stróc Séamas i St Germain agus d'éag 16 Meán Fómhair 1701. Seoladh a inchinn chuig an Coláiste Albanach i bPáras codanna éagsúla den chorp in áiteanna eile. Cailleadh an inchinn le linn Réabhlóid na Fraince truaillíodh cuid eile den chorp.[7][8]
Léirmhíniú
Ghlaoití 'Séamas an Chaca a chaill Éire' ar Shéamas II a chaill Cath na Bóinne, leasainm agus masla sa traidisiún Gaelach[9]
Féach freisin
- Cath na Bóinne
- Liam Oráiste
- St Germain-en-Laye
Naisc sheachtracha
Tagairtí
- connie.fisher (2016-02-26). "James II (r.1685-1688)" (en). The Royal Family. Dáta rochtana: 2022-09-16.
- 100 (2019-05-27). "Lámhainní Fada an Rí Liam" (en). 100 Objects. Dáta rochtana: 2022-09-16.
- "Dutch War | 1672–1678 | Britannica" (en). www.britannica.com. Dáta rochtana: 2022-09-16.
- pleanala.ie. "Cath na Bóinne". Dáta rochtana: 2022.
- pleanala.ie. "Cath na Bóinne". Dáta rochtana: 2022.
- "Ní Aitheantas go hAontíos" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-09-16.
- "A Jacobite Gazetteer - France - Paris - Scots College". www.jacobite.ca. Dáta rochtana: 2022-09-16.
- "The curious fate of King James II" (en-GB). Nonfictioness (2015-09-24). Dáta rochtana: 2022-09-16.
- Ó Duinnín, Foclóir Gaedhilge Béarla, (Baile Átha Cliath 1996 (athchló), lth. 145)