Roy Rogers
Amhránaí, aisteoir, láithreoir teilifíse, agus taibheoir róidió Meiriceánach ab ea Roy Rogers (a rugadh Leonard Franklin Slye; 5 Samhain 1911 – 6 Iúil 1998). Bhí sé ar na réaltaí is mó sna scéalta buachaillí bó a raibh an-éileamh orthu sna 1940idí agus 1950idí.
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 5 Samhain 1911 Cincinnati, Ohio, Ohio ![]() |
Bás | 6 Iúil 1998 86 bliana d'aois Apple Valley, California ![]() |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Cliseadh croí) |
Teanga dhúchais | Béarla |
Gníomhaíocht | |
Gairm | aisteoir teilifíse, ceoltóir, geoidil, cumadóir amhrán, aisteoir, aisteoir scannáin, amhránaí, léiritheoir scannáin ![]() |
Tréimhse oibre | 1932 – |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Poblachtach ![]() |
Ball de | |
Seánra | Ceol tuaithe agus rac-cheol |
Teangacha | Béarla |
Uirlis | Ceol gutha agus giotár |
Lipéad ceoil | Bell Records Capitol Records Decca Records ![]() |
Teaghlach | |
Céile | Dale Evans (–1998) ![]() |
Athair | Andrew E. Slye (en) ![]() ![]() |
Gradam a fuarthas | |
Suíomh gréasáin | royrogers.com ![]() |
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
Bhí páirt aige i mbeagnach 90 scannán. Idir 1951 agus 1957, bhí sé ina óstach ar an tsraith theilifíse The Roy Rogers Show. Is minic a bhí a bhean chéile, Dale Evans, a chapall bánbhuí, Trigger, agus a madra alsáiseach, Bullet, ar an tsraith theilifíse in éineacht leis. Is fearr a chuimhnítear ar Rogers as a amhrán aitheantais “Happy Trails”.
Ba é Rogers an t-aon amhránaí ceol tuaithe a insealbhaíodh sa Country Music Hall of Fame faoi dhó. In éineacht le Bob Hope, Mickey Rooney, agus Tony Martin, bronnadh ceithre réalta air ar an Hollywood Walk of Fame.
Agus é ag dul in aois, ainmníodh sreang bialann saincheadúnais as, Roy Rogers Restaurants.
Tagairtí
![]() | Is síol faoin aisteoir / banaisteoir é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |