Rovaniemi
Cathair i dTuaisceart na Fionlainne is ea Rovaniemi (Sáimis Thuaidh: Roavvenjárga, Sáimis Ánárach: Ruávinjârga, Sáimis Scoltach: Ruä'vnjargg). Is í príomhchathair na Laplainne í, san Fhionlainn ar a laghad. Tá an chathair suite in aice leis an gCiorcal Artach, agus an dá abhainn úd Kemijoki agus Ounasjoki ag teacht le chéile ansin. Tá ollscoil i Rovaniemi, Ollscoil na Laplainne.
Rovaniemi | |||||
---|---|---|---|---|---|
Rovaniemi (fi) Ruäʹvnjargg (sms) Ruávinjargâ (smn) Roavvenjárga (se) | |||||
|
|||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Fhionlainn | ||||
Regional State Administrative Agency (en) | Regional State Administrative Agency for Lapland (en) | ||||
Réigiún de chuid na Fionlainne | Laplainn na Fionlainne | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 65,329 (2024) | ||||
• Dlús | 8.62 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Fhionlainnis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Located in statistical territorial entity (en) | Rovaniemi sub-region (en) | ||||
Achar dromchla | 7,581.63 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Kemijoki | ||||
Airde | 197 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Rovaniemen maalaiskunta | ||||
Cruthú | 1960 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht reachtach | Comhairle Cathrach Rovaniemi | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | rovaniemi.fi | ||||
Stair
Seanáit trádála is ea Rovaniemi a d'fhás go nádúrtha timpeall ar phointe teagmhála an dá abhainn. Sa bhliain 1938, rinneadh lárionad riaracháin na Laplainne den áit, cé nár bronnadh ainm agus dintiúirí na cathrach uirthi roimh an mbliain 1960. Le linn Chogadh na Leanúna, bhí trúpaí Gearmánacha ar garastún san áit, agus nuair a d'éirigh ina chogadh idir na Fionlannaigh agus na Gearmánaigh go gairid roimh dheireadh an dara cogadh domhanda, chuir na Gearmánaigh an áit de dhroim an tsaoil.
I ndiaidh an chogaidh, b'éigean Rovaniemi a atógáil ina hiomláine. Mar sin, tá cuma sách nua-aimseartha ar an gcathair inniu.
Teangacha
Ní labhraítear Sáimis in aon chóngar do Rovaniemi inniu, nó is í canúint thuaisceartach na Fionlainnise caint na sráide sa chathair. Agus an méid sin ráite, is dócha gurb as an tSáimis a tháinig an chéad leath den ainm. Is é is ciall le roavva sna teangacha Sáimise a labhraítear inniu ná cnoc, nó áit a bhfuil lorg na seanfhalscaí le haithint. Maidir leis na canúintí a bhí á labhairt timpeall Rovaniemi anallód, áfach, is dócha gurbh é an chiall a bhí leis an bhfocal iontu ná carn, de réir na n-iarsmaí atá fágtha.
I dtús na bliana 2006, cuireadh an ceantar tuaithe timpeall Rovaniemi - Rovaniemen maalaiskunta - leis an gcathair - Rovaniemen kaupunki. Mar sin, tá an "chathair" 8,016.42 km² ar achar inniu, agus timpeall ar 58 míle duine ina gcónaí ansin.
Daoine mór le rá
- Jari Tervo, údar
- Harri Olli, léimneach sciála
- Bhásaigh an scríbhneoir Timo K. Mukka sa chathair sa bhliain 1974
- Tanja Poutiainen, sciálaí Alpach
- Tomi Putaansuu (nó Mr. Lordi mar atá aithne níos fearr air), amhránaí an racbhanna siúd Lordi
- Absoluuttinen Nollapiste, racbhanna
- Antti Tuisku, amhránaí
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |