Ronnach
Is iasc peiligeach é an ronnach[1] (nó maicréal i gCúige Mumhan). Tá roinnt speiceas éagsúil den ronnach ann ach is é ronnach an Atlantaigh (Scomber scombrus) an ceann is coitianta a rugtar air timpeall chósta na hÉireann.
Scomber scombrus | |
---|---|
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 170354 |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Actinopteri |
Ord | Scombriformes |
Fine | Scombridae |
Treibh | Scombrini |
Géineas | Scomber |
Speiceas | Scomber scombrus Linnaeus, 1758 |
Tá ronnach an Atlantaigh coitianta ar an dá thaobh de thuaisceart an Aigéin Atlantaigh. Bíonn ráthanna ronnach an-choitianta gar don chósta i rith an tsamhraidh, áit a bhíonn siad á bheathú féin ar éisc bheaga.
Bia
Tá tóir mhór ar an ronnach mar bhia. Tá blas láidir uaidh. Tá méid mór vitimín B12 agus Omega 3 ann i gcomparáid le bia eile. Neamhchosúil leis an Rí Ronnach agus an Ronnach Spáinneach, níl mórán meircair i Ronnach an Atlantaigh agus thig é a ithe dhá uair sa tseachtain de réir eolaithe.
- ““Scomber scombrus” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.