Roibeard Emmet
Ba náisiúnach agus poblachtánach, óráidí agus ceannaire réabhlóideach Éireannach é Roibeard Emmet (nó Roibeard Eiméad uaireanta - 4 Márta 1778 - 20 Meán Fómhair 1803). Bhí sé mar cheannaire ar éirí amach mírathúil i gcoinne riail na Breataine i 1803. Ghabh na Briotanaigh air, triaileadh é agus cuireadh chun báis é as ardtréas in aghaidh Rí na Breataine.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 4 Márta 1780 Baile Átha Cliath |
Bás | 20 Meán Fómhair 1803 23 bliana d'aois Baile Átha Cliath (Éire) |
Siocair bháis | Pionós an bháis (Crochadh) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Gairm mhillteach | |
Géillsine | Cumann na nÉireannach Aontaithe |
Céim mhíleata | ceannasaí |
Coinbhleacht | Éirí Amach 1798 in Éirinn |
Teaghlach | |
Athair | Robert Emett agus Elizabeth Mason |
Siblín | Mary Anne Emmet agus Thomas Addis Emmet |
Tháinig Roibeard Emmet ó chlann Phrotastúnach saibhir Angla-Éireannach a bhí trua acu do Chaitlicigh Éireannacha agus a n-easpa ionadaíochta cothroime sa Pharlaimint. Bhí trua ag an teaghlach Emmet do na coilínigh reibiliúnacha i Réabhlóid Mheiriceá.
Tús a Shaoil
Saolaíodh Roibeard Emmet ag 109 Faiche Stiabhna, i mBaile Átha Cliath ar an 4ú Márta 1778. Bhí sé mar an mac is óige ag Dochtúir Roibeard Emmet (1729-1802), lia cúirte, agus a bhean chéile, Elizabeth Mason (1739-1803). Bhí teaghlach Emmet compordach ó thaobh airgead de. Bhí teach acu i bhFaiche Stiabhna agus teach cónaithe faoin tuath acu gar do Bhaile an Mhuilinn. Ba é an náisiúnach Thomas Addis Emmet duine de dheartháireacha Roibeaird Emmet. Ba dhlúthchara le Theobald Wolfe Tone é Thomas agus thugadh Wolfe Tone cuairteanna ar an teach go minic nuair nach raibh Roibeard ach ina pháiste.
D'fhreastail Emmet ar scoil Oswald i Lána an Óir i mBaile Átha Cliath. Chuaigh Emmet isteach i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath i mí Dheireadh Fómhair 1793, gan é ach 15. I mí na Nollag 1797 ghlac sé ballraíocht le Cumann Stairiúil an Choláiste, cumann díospóireachta. Agus é sa choláiste, thosaigh a dheartháir Tomás agus cúpla dá chairde a bheith páirteach i ngníomhaíochas polaitiúil. Fuair Roibeard post mar rúnaí ar choiste rúnda sa choláiste de chuid Chumann na nÉireannach Aontaithe, agus caitheadh amach as an gcoláiste é i mí Aibreáin 1798 dá dheasca. Sa bhliain chéanna theith sé go dtí an Fhrainc agus é ag iarraidh gabháil a sheachaint. Ag an am seo bhí na Briotanaigh ag gabháil go leor náisiúnaithe. Agus é sa Fhrainc, fuair Emmet tacaíocht ó Napoleon agus gheall sé tacaíocht a thabhairt d'Emmet nuair a thosódh an t-éirí amach.
I ndiaidh Éirí Amach 1798, bhí Emmet páirteach in atheagrú Chumann na nÉireannach Aontaithe, a bhí cloíte. I mí Aibreáin 1799 d'eisíodh barántas gabhála ina choinne. D'éalaigh sé agus beagáinín ina dhiaidh sin thaisteal sé go dtí an Mhór-Roinn ag súil go bhfaigheadh sé cúnamh míleata ón bhFrainc. Níor éirigh leis mar go raibh Napoleon ag díriú a iarrachtaí ar ionradh a dhéanamh ar Shasana. Chuaigh Emmet ar ais go hÉirinn i mí Dheireadh Fómhair 1802. I mí an Mhárta an bhliain dár gcionn, thosaigh sé ag pleanáil éirí amach eile.
Éirí Amach 1803
I ndiaidh dó teacht ar ais go hÉirinn, thosaigh Emmet ag ullmhú éirí amach nua, lena chomh-réabhlóidithe Angla-Éireannacha, Tomás Ruiséil agus Séamas Hope. Thosaigh sé ag monarú airm agus pléaáingh in áitreabh éagsúla i mBaile Átha Cliath. B'éigean do Emmet dáta an Éirí Amach a thabhairt chun tosaigh sular músclaíodh amhras na n-údaráis.
Ar feadh tamaill, chreid Emmet go raibh a fhios ag na Sasanaigh anois fán éirí amach agus go mbeadh sé rómhall fanacht go dtí go dtiocfadh na Francaigh. Shocraigh sé ansin ar an Satharn 23 Iúil 1803 l'aghaidh an éirí amach.[1] Cé gur thángthas ar an réiteach seo tobann go leor, tugadh le fios d'Emmet go mbeadh éirithe amach ar fud na tíre dá dtiocfadh muintir Bhaile Átha Cliath amach. Scaipeadh an focal teacht le chéile idir 6.00 agus 9.00 i.n. ar an lá.
Ní raibh Emmet in ann cabhair a fháil ó reibiliúnaigh i gCill Mhantáin (le Michael Dwyer). Chas go leor reibiliúnach ó Chill Dara ar ais mar gheall ar ghanntanas arm tine, ach chuaigh an tÉirí Amach ar aghaidh i mBaile Átha Cliath um thráthnóna ar an 23 Iúil 1803. Cuireadh thart ar 10,000 cóip d'fhorógra in ainm an "Rialtas Sealadach" i gcló, rud a chuaigh i bhfeidhm ar Fhorógra na Poblachta i 1916; scrios na húdaráis formhór na cóipeanna.
Chaith Emmet cóta glas le fásáil bhán, bríste bán, buataisí agus hata ar leathstuaic le cleití air. Theip orthu Caisleán Bhaile Átha Cliath a thógáil, cé nach raibh cosaint láidir air. Bhí corraíl ollmhór ann timpeall ar Shráid Thomáis. Chonaic Emmet duine ag tarraingt dragún óna chapall agus é á phíceáil go dtí go bhfuair sé bás. Ina dhiaidh sin, chuir sé stop leis an Éirí Amach chun níos mó doirte fola a sheachaint. Ach ní raibh smacht aige ar a chuid leantóirí. In eachtra faoi leith, tarraingíodh an Tiarna Príomh-Bhreitheamh, an Tiarna Kilwarden, óna chóiste agus sádh le pící é. Fuarthas fós beo é, tógadh go teach é, áit a bhfuair sé bás beagáinín níos déanaí.
Gabháil agus Triail
Chuaigh Emmet i bhfolach i ndiaidh an Éirí Amach ach gabhadh é ar an 25 Lúnasa, in aice le Crois Araild. Chuir sé féin a shaoil i ndainséir nuair a bhog sé ó Ráth Fearnáin go dtí Crois Araild le bheith ina aice a mhuirnín, Sarah Curran. Cuireadh ar a thriail é de réir an dlí ag baint le treas ar an 19 Meán Fómhair; cheannaigh an choróin cabhair ó dhlíodóir Emmet, Leonard MacNally, don phraghas £200 agus pinsean. Ar an 20 Meán Fómhair cuireadh Emmet chun báis. Cuireadh a chorp i bhfolach.
Tar éis don bhfíorasc a bheith tugtha dó, thug Emmet óráid. Tá cáil ar na línte deireanacha di, "Let no man write my epitaph...".
Cé gur theip ar an Éirí Amach go hiomláin, tá Emmet mar laoch i stair na hÉireann. Rinne crógacht agus foirtile bhean an tí Emmet, Anne Devlin, in aghaidh céasta, laoch di, i stair na hÉireann freisin.
Scríobh Emmet litir ó Phríosún Chill Mhaighneann, Baile Átha Cliath ar 8 Meán Fómhair, 1803. An seoladh a bhí scríofa uirthi ná "Miss Sarah Curran, the Priory, Rathfarnham" agus thug sé don mhaor príosúnach, George Dunn, í. Ach sceith Dunn í nuair a thug sé an litir d'údaráis an rialtais, rud a chuir saol Sarah Curran go mór i ndainséir. Rinne an eachtra seo, ar barr a iarrachtaí bheith in aice léi (a chríochnaigh lena bhás) é mar dhuine rómánsúil freisin.
Naisc sheachtracha
Tagairtí
- "AN PHOBLACHT/REPUBLICAN NEWS". republican-news.org. Dáta rochtana: 2019-07-23.