Robert Walpole
Glactar leis gurbh é Robert Walpole (26 Lúnasa 1676 – 18 Márta 1745) céad Phríomh-Aire de facto na Breataine (le linn 1721–1742). D’éirigh an príomh-aire agus rialtas comh-aireachta cumhachtach le linn na tréimhse seo.
Ní haon phost oifigiúil a bhí i gceist agus níor tugadh "Príomh-Aire" ar Walpole ag an am. Ach aithnítear go raibh an stádas sin aige i ndáiríre, mar gheall ar an tionchar mór a bhí aige ar an gcomhaireacht sa tréimhse sin.
Bhí Seoirse I ina rí ar an mBreatain Mhór ó 1 Lúnasa 1714 go dtí 11 Meitheamh 1727. Ba Ghearmánach é agus an chéad rí de shliocht Hanover. Ní raibh mórán suim aige i gcúrsaí sa Bhreatain ag an am. Bhuail stróc an rí nuair a bhí sé ag taisteal sa Ghearmáin sa bhliain 1727.
Tagairtí
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.