Robert Millikan
Ba é Robert Millikan, fisiceoir Meiriceánach (22 Márta 1868 – 19 Nollaig 1953), an chéad duine a rinne luach an luchta ar an leictreon a thomhas.[1] D'úsáid sé turgnamh cáiliúil ar a dtugtar an turgnamh ola-bhraonach. Fuair sé amach go bhfuil lucht dar luach −1.6 × 10−19C (nó an luach sin iolraithe faoi shlánuimhir éigin) ar bhraon ola a luchtaítear go leictreastatach. Rinne sé amach gurb in é méid an luchta ar an leictreon.
Tagairtí
Naisc sheachtracha
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.