Rem Koolhaas
Is ailtire as an Ísiltír é Rem Koolhaas (IPA : ˈrɛm ˈkɔːlhɑːs, ainm iomlán: Remment Lucas Koolhaas, Rotterdam, 17 Deireadh Fómhair 1944).
Beatha
Bhí a sheanathair ina ailtire agus bhí a athair ina scríbhneoir.[1] Nuair a bhí sé ocht mbliana d'aois, fuair a athair cuireadh clár cultúrtha a eagrú san Indinéis, mar gur ghníomhaí ar son shaoirse na tíre sin é. Chaith an teaghlach trí bliana in Iacárta agus chuaigh an turas sin i gcion go mór ar Rem óg.[2] Ar ais san Ísiltír, bhí sé ina iriseoir leis an nuachtán De Haagse Post,[3], agus scríobh sé scripteanna scannáin chomh maith.
Ailtireacht
D'fhreastail Koolhaas ar scoil ailtireachta Architectural Association School of Architecture[4] sa bhliain 1968, nuair a bhí sé 24 bliain d'aois, agus ansin ar Ollscoil Cornell,[5] in Ithaca, New York i 1972, áit a raibh sé faoi stiúradh Mathias Ungers. Ina theannta sin, chaith sé tamall ina mhac léinn san Institute for Architecture and Urban Studies[6] i Nua-Eabhrac freisin. Bhunaigh Koolhaas OMA (Office for Metropolitan Architecture) in éineacht le hElia Zenghelis, Zoe Zenghelis agus a bhean Madelon Vriesendorp.[7] Sa bhliain 1978 scríobh sé an leabhar Delirious New York[8] inar leag sé amach a idé-eolaíocht i dtaobh na hailtireachta. D'fhoilsigh sé S,M,L,XL i 1995 i gcomhpháirt le Bruce Mau, Jennifer Sigler agus Hans Werlemann. Leabhar thar a bheith fada atá ann (1376 leathanach) i stíl nua-aoiseach, a d'athraigh foilsiú i réimse na hailtireachta go mór.
Foirgnimh agus Tionscadail
- Euralille agus Grand Palais, Lille, 1988
- Nederlands Dans Theater, An Háig, 1988
- Villa dall’Ava,[9] Saint-Cloud, 1991
- Nexus Housing, Fukuoka, 1991
- Kunsthal, Rotterdam, 1993
- Educatorium, Utrecht, 1993 – 1997
- Maison Lemoine[10] Bordeaux, 1998
- Second Stage Theatre, Nua-Eabhrac, 1999
- Guggenheim Hermitage Museum, Las Vegas, Nevada, 1980, 2002
- McCormick Tribune Campus Center, Illinois Institute of Technology, Chicago, 1997 – 2003
- Nederlands Ambassade, Beirlín, 2003
- Prada Stores: Eabhraig Nuadh, 2003, Los Angeles, 2004
- Seattle Central Library, Seattle, 2004
- Lárionad na bPáistí, Leeum, Samsung Museum of Art, Seoul, 2004[11]
- Casa da Música, Porto, 2001 – 2005
- Serpentine Gallery Pavilion, Londain, 2006
- Shenzhen Stock Exchange, Shenzhen, 2006
- Centro de Congresos de Córdoba, Córdoba
- Seoul National University Museum of Art, Seoul, 2003 – 2005 [12]
- Dee and Charles Wyly Theatre, Dallas, Texas, 2004 – 2009
- Milstein Hall, Ollscoil Cornell, Ithaca, New York, 2006 –2009[13]
- Príomhoifigí CCTV, Béising, 2004–2009
- Riga Port City, Riga, 2009
- 23 East 22nd Street, Nua-Eabhrac, 2008 –2010[14]
- Bryghusprojektet, Cóbanhávan, 2008-2010[15]
- Torre Bicentenario, Cathair Mheicsiceo, 2007,[16]
- New Court, St. Swithin's Lane, Londain, 2010
- De Rotterdam, Rotterdam, 2009 – 2013
- Taipei Performing Arts Centre, Taipei, 2012 – 2015
- Marina Abramović Community Centre Obod Cetinje - MACCOC, Cetinje, 2012 - ?
Duaiseanna
Tagairtí
- Historici
- "New Statesman". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-05-13. Dáta rochtana: 2013-12-27.
- HP
- AASA
- Cornell
- "Institute for Architecture and Urban Studies". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-12-30. Dáta rochtana: 2013-12-27.
- OMA
- "New Statesman". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-05-13. Dáta rochtana: 2013-12-27.
- What we do is secret
- Stories of houses
- CNNGO
- Snumoa
- Milsteinhall
- Deezen
- Bryghusprojektet
- Torre Bicentenario
- "Pritzker Prize". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-05-24. Dáta rochtana: 2013-12-27.
- Légion d'honneur
- Praemium Imperiale
- "Katholieke Universiteit Leuven". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-10-07. Dáta rochtana: 2013-12-27.
- La Biennale