Rajendra Prasad
An chéad Uachtarán ar an India - ó 1950 go 1962 - ab ea Rajendra Prasad (3 Nollaig 1884 – 28 Feabhra 1963).[1]

![]() ![]() | |
Ainm sa teanga dhúchais | (hi) डाक्टर राजेन्द्र प्रसाद |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 3 Nollaig 1884 Ziradei, An India ![]() |
Bás | 28 Feabhra 1963 78 bliana d'aois Patna, An India ![]() |
1 Uachtarán na hIndia | |
26 Eanáir 1950 – 12 Bealtaine 1962 ← C. Rajagopalachari – Sarvepalli Radhakrishnan → | |
![]() ![]() | |
11 Nollaig 1946 – 24 Eanáir 1950 ← Sachchidananda Sinha | |
Ball de Chomhthionól na hIndia | |
6 Iúil 1946 – 24 Eanáir 1950 ![]() | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Hiondúchas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Chalcúta Ollscoil Presidency Coláiste Surendranath Surendranath Law College (en) ![]() ![]() |
Áit chónaithe | Dr. Rajendra Prasad house (en) ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | dlíodóir, polaiteoir ![]() |
Fostóir | Ollscoil Chalcúta ![]() |
Ball de pháirtí polaitíochta | Comhdháil Náisiúnta na hIndia ![]() |
Teangacha | An Hiondúis agus Béarla |
Teaghlach | |
Céile | Rajavanshi Devi Prasad ![]() |
Gradam a fuarthas | |
![]() ![]() ![]() |
Saol


Céimí de chuid Ollscoil Calcutta, a bhronn M.A. san Eacnamaíocht air sa bhliain 1907, bhí Prasad ina mhúinteoir Béarla ar dtús.[2]

Rinne sé staidéar ar an dlí i gCalcúta agus fuair sé LLB sa bhliain 1910 agus LLM céadonóracha sa bhliain 1915. Bronnadh bonn óir dá bharr sin. Fuair sé LLD ó Ollscoil Allahabad in 1937. Sa bhliain 1916, a ligeadh isteach mar dhlíodóir os comhair Ard-Chúirt Patna nuabhunaithe é.
In 1906 a thosaigh an bhaint a bhí aige le Comhdháil Náisiúnta na hIndia agus sa bhliain 1911 a ghlac sé ballraíocht inti. Ón gcéad uair a cuireadh Gandhi in aithne dó, sa bhliain 1916, mhéadaigh an tionchar a bhí ag an Mahatma air agus sa bhliain 1920 a chuaigh sé i bpáirt le roinnt dlíodóirí mór le rá eile agus iad ag éirí as an mBarra thart ar an bpointe sin chun díriú ar an troid ar son na saoirse.[2]

Shamhlaítí an ghluaiseacht um neamh-chomhoibriú le Prasad go mór mór agus bhí sé ina chomhbhunaitheoir ar Bihar Vidyapeeth in Patna, ollscoil a raibh mar aidhm aige, mar rogha eile é in ionad an chórais oifigiúil, éiteas ar a raibh rian sainiúil na hIndia, ag teacht le tréithe tuaithe (den chuid is mó) na tíre agus idé-eolaíocht thírghrách.
Bhí Prasad ina Leas-Seansailéar ar an Ollscoil ó 1923 go 1927 agus ina Chathaoirleach uirthi go dtí 1942. Bhí sé ina chónaí i dteachín ceann tuí ar champas na hollscoile ó 1921 go 1946 agus tar éis dó éirí as mar Uachtarán na hIndia, d'fhill sé ar an áit sin chun na míonna a bhí fágtha sa saol dó a chaitheamh.[2]
Polaitíocht
Bhí Prasad ina bholscaire gníomhach thar ceann na Comhdála agus ina cheannaire uirthi sna 1920í, 1930í agus 1940í, agus bhí sé ina Uachtarán uirthi trí huaire (1934-35 agus ar feadh tamaillín arís i 1939 agus 1947).
Chuir na Briotanaigh i bpríosún é arís agus arís eile mar gheall ar an ról ceannaireachta a bhí aige, go mór mór ó 1942 go 1945, mar fhreagairt ar an ngluaiseacht "Scoir an India".

I mí na Nollag 1946 a toghadh mar Uachtarán ar Chomhthionól Bunreachta na hIndia é. Mar Uachtarán agus mar chathaoirleach ar cheithre choiste thábhachtacha, bhí Prasad chun tosaigh agus an bunreacht nua á dhréachtú thar na trí bliana ina dhiaidh sin. Nuair a tháinig an Bunreacht i bhfeidhm i mí Eanáir 1950, toghadh mar an gcéad Uachtarán ar an India é agus atoghadh é ag an gcéad gnáth-thoghchán uachtaránachta sa bhliain 1952 agus ag an dara ceann sa bhliain 1957. Níor lorg sé an tríú téarma.[2]
Uachtaránacht
Agus é ina Uachtarán, dhearbhaigh Prasad go raibh an oifig neamhspleách ar pholaitíocht pháirtí agus os a cionn, mar a bhí beartaithe ag údair an Bhunreachta, cé go raibh roinnt teannais idir an Uachtarán agus an Príomh-Aire Nehru, go háirithe maidir leis na hathchóirithe ar dhlí phearsanta na Hiondúch a achtaíodh i dtreo dheireadh an chéad thréimhse iomlán a bhí aige mar Uachtarán.
Chuir traidisiúnaithe amhail Prasad in aghaidh na n-athruithe sin agus cheistigh An tUachtarán an raibh mandáid ag an gComhdháil athruithe mar sin a dhéanamh, a mbeadh tionchar forleathan acu ar chreatlach shaol na Hiondúch, go mór mór ó thaobh stádas na mban de.
Cuireadh ar Nehru géilleadh ar ghnéithe áirithe, agus d'éirigh An tAire Dlí agus Ciry, B.R. Ambedkar, as dá bharr sin, ós rud é go raibh sé chun tosaigh i bhfabhar na n-athchóirithe.[2]
Féach freisin
Tagairtí
- India Today Web Desk New DelhiDecember 3, 2016UPDATED: September 4, 2017 12:58 Ist. "Remembering India's first President: 10 facts about Dr Rajendra Prasad" (en). India Today. Dáta rochtana: 2022-02-28.
- Scoil Dlí, COBÁC (2020). "Rajendra Prasad". Dáta rochtana: 2022.