Radaiteileascóp

Is éard is radaiteileascóp ann ná córas aeróg íogair a ghlacann tonnta leictreamaighnéadacha a tarchuireadh ag réaltaí, réaltraí, is reanna spéire eile i bhfad amach uainn sa Chruinne. Glacann gnáth-theileascóp an raon tanaí tonnfhad leictreamaighnéadach ar a dtugtar solas infheicthe, ach is amhlaidh a astaíonn reanna spéire raon i bhfad níos leithne tonnfhad, an-chuid de dofheicthe do-bhraite ag gnáth-theileascóp. Mar sin, is féidir i bhfad níos mó reanna spéire a iniúchadh le radaiteileascóip ná gnáth-theileascóip, agus is féidir tonnchomharthaí a fháil leo a astaíodh go luath tar éis na hOllphléisce.[1]

Infotaula equipament informàticRadaiteileascóp

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí bunúsacha
In úsáid agréadlann radairéalteolaíochta

Tagairtí

  1. Hussey, Matt (2011). "Radaiteileascóp". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 546.
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.