Rachel Hartman
Scríbhneoir Meiriceánach agus ealaíontóir greannáin is ea Rachel Hartman (rugadh 9 Iúil, 1972 i Kentucky), agus údar ficsin d'aosaigh óga. Tá aithne uirthi as a leabhair Seraphina (2012), Shadow Scale (2015), agus Tess of the Road (2018).Scríbhneoir Meiriceánach agus ealaíontóir greannáin is ea Rachel Hartman (rugadh 9 Iúil, 1972 i Kentucky), agus údar leabhair d'aosaigh óga. Tá aithne uirthi as a leabhair Seraphina (2012), Shadow Scale (2015), agus Tess of the Road (2018) D’aistrigh Scott Oser, bean chéile an údair Seraphina ó Bhéarla go Gaeilge le déanaí agus foilsíodh an leagan Gaeilge sa bhliain 2021 [1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 9 Iúil 1972 51 bliana d'aois Lexington, Kentucky, Kentucky |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Washington in St. Louis |
Áit chónaithe | Vancouver |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir |
Tréimhse oibre | 1996 – |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Gradam a fuarthas
| |
Suíomh gréasáin | rachelhartmanbooks.com |
Luathshaol
Rugadh Rachel Hartman ar 9 Iúil, 1972 [2][3] i Kentucky.[4] Bhí cónaí uirthi in áiteanna iomadúla lena n-áirítear Lexington, Kentucky,[5] Chicago, Philadelphia, St Louis, Sasana, agus an tSeapáin. d’fhreastail sí ar Ollscoil Washington, áit a bhfuair sí BA sa Litríocht .
Gairmréim
I 1996 d’fhoilsigh Hartman a céad greannán, Amy Unbounded, the Ashcan Series.
Fuair a céad leabhar, Seraphina, Gradam William C. Morris 2013, a bronnadh ar an leabhar is fearr d'aosaigh óga a d’fhoilsigh údar tosaigh SAM [6] agus a bhuaigh Cybils Award 2012 don úrscéal fantaisíochta nó ficsean eolaíochta do dhaoine fásta óga is fearr.[7] Bhí Shadow Scale le feiceáil ar Liosta na Leabhar Sárdhíola an New York Times, do leabhair Dhaoine Fásta Óga, ina chéad seachtain incháilitheachta.[8] Scaoileadh a tríú húrscéal, Tess of the Road, úrscéal compánach le carachtair nua chomh maith le láithriú carachtair óna chéad dá úrscéal, an 27 Feabhra, 2018.[9]
Saol pearsanta
Tá cónaí ar Hartman i Vancouver, British Columbia lena fear céile Scott Oser agus a mac.[10][11]
I measc a caitheamh aimsire tá léamh, rólimirt, damhsa, agus an dordveidhil a sheinnim.[12]
Tagairtí
- An Ceathrú Pólaí. https://www.anceathrupoili.com/ga/shop/seraphina/
- "Hartman, Rachel 1972-". Encyclopedia.com. Retrieved June 4, 2018.
- "Shadow scale / Rachel Hartman." National Library Board, Singapore. Retrieved June 4, 2018.
- "Bio". Rachel Hartman. Retrieved June 4, 2018.
- Hartman, Rachel (2017). "Buy". Rachel Hartman. Retrieved June 4, 2018.
- ALA 2013 youth media award winners http://www.ala.org/news/pr?id=12298
- Cybils Awards. http://www.cybils.com/2013/02/the-2012-cybils-awards.html
- New York Times. https://www.nytimes.com/best-sellers-books/2015-03-29/young-adult/list.html
- Coming Soonǃ. https://rachelhartmanbooks.com
- Bio Rachel Gartman.https://rachelhartmanbooks.com/about/
- Fall 2012 Flying Starts: Rachel Hartman. https://www.publishersweekly.com/pw/by-topic/authors/interviews/article/55258-fall-2012-flying-starts-rachel-hartman.htmɭ/
- Hartman, Rachel 1972. https://www.encyclopedia.com/arts/educational-magazines/hartman-rachel-1972
Naisc sheachtracha
- Suíomh Gréasáin oifigiúil. https://rachelhartmanbooks.com/
- The Comic Book Database. Rachel Hartman http://comicbookdb.com/creator.php?ID=13187 Curtha i gcartlann 2014-07-10 ar an Wayback Machine
- Internet Speculative Fiction Database, Rachel Hartman. http://www.isfdb.org/cgi-bin/ea.cgi?118942
- Library of Congress Authorities. Rachel Hartman. https://lccn.loc.gov/no2012161802