RTÉ Raidió na Gaeltachta
Seirbhís lán-Ghaeilge raidió is ea RTÉ Raidió na Gaeltachta (nó go neamhfhoirmeáilte RnaG), a thosaigh ag craoladh ó Chasla, Conamara ar Dhomhnach Cásca, 1972. Cé gur ar phobail Ghaeltachta is mó a dhéanann sé freastal, tá an-líon éisteoirí aige go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.[1]
Sonraí | |
---|---|
Cineál | stáisiún raidió |
Foirm dlí | |
Dáta a bunaíodh | 1972 |
Rialachas corparáideach | |
Úinéir | Raidió Teilifís Éireann |
Cuid de | RTÉ Radio (en) |
Suíomh gréasáin | rte.ie… |
Suíomh geografach |
Tá fáil ar an stáisiún ar fud Phoblacht na hÉireann ar an ard-mhinicíocht (FM), ar an meántonn sa Ghaeltacht fhéin, ar chóras satailíte ar fud na hEorpa, agus ar an idirlíon. Craoltar ar 92-94 agus ar 102.7 fm é ar oileán na hÉireann.
Eagraíocht
Is cuid den tseirbhís chraoltóireachta phoiblí RTÉ é Raidió na Gaeltachta.
Tá trí phríomhstiúideo ag RnaG: Casla, Conamara; Bóthar na Léinsí, Corca Dhuibhne; Gaoth Dobhair, Tír Chonaill, maille le slám stiúideonna beaga i nGaeltachtaí eile timpeall na hÉireann.
Mar spraoi, tugtar "Garraí Pheter William" ar cheanncheathrú Raidió na Gaeltachta go fóill i gcuimhne ar ainm na háite sular tógadh foirgneamh an stáisiúin.
Stair
Bhí 28 Márta 1970 ina lá stairiúil do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge nuair a thosaigh an stáisiún bradach, Saor-Raidió Chonamara ag craoladh ar Dhomhnach Cásca 1970.[2] Dhá bhliain níos déanaí, thosaigh Raidió na Gaeltachta ag craoladh ó Chasla ar Dhomhnach Cásca, 1972.
Ón bhliain 2000 amach tá an stáisiún ag craoladh 24 uair sa lá.
Craoltóirí
I measc na gcraoltóirí ata ag obair sa stáisiún tá Máirtín Tom Sheáinín agus Rónán Mac Aodha Bhuí.
Sceideal
Seo mar a bhí sceideal an stáisiúin ar 28 Aibreán, 2016[3].
Lá | Am | Clár | Láithreoir |
---|---|---|---|
Luan - Aoine | 07:00-8:00 | Nead na Fuiseoige | Gráinne Ní Dhomhnaill |
08:00-9:00 | Adhmhaidin | Gormfhlaith Ní Thuairisg | |
09:15-10:15 | Iris Aniar | Eibhlín Ní Chonghaile | |
10:15-11:00 | Sinéad Ar Maidin | Sinéad Ní Uallacháin | |
11:00-12:00 | Barrscéalta | Áine Ní Churráin | |
12:08-13:00 | An Saol ó Dheas | Helen Ní Shé Mícheál Ó Sé Aogán Ó Muircheartaigh | |
13:00-14:00 | Nuacht a hAon | Bríd Ní Chualáin | |
14:00-15:00 | Ardtráthnóna | Máirtín Tom Sheáinín | |
15:00-16:00 | Rónán Beo@3 | Rónán Mac Aodha Bhuí | |
16:10-17:00 | Cóisir Cheoil | Dónall Mac Ruairí | |
17:00-17:55 | Cormac Ag a Cúig | Cormac Ó hEadhra |
Féach freisin
Tagairtí
- Risteard O. Glaisne. "Raidio na Gaeltachta".
- Jerry White (2009-11-17). "The Radio Eye: Cinema in the North Atlantic, 1958-1988" (as en). Wilfrid Laurier Univ. Press.
- http://www.rte.ie/rnag/