Ríthe Dhál Riada
Bhíodh ríthe Dhál Riada i gceannas ar ríocht Ghaelach suite san Albain agus oirthuaisceart Éireann. Rianaigh an chuid is mó acu, maraon le ríthe na hAlban, a nginealaigh siar go Fearghas Mór mac Eirc. Sa 16ú haois, dúirt Séamas VI na hAlban faoi féin go raibh sé ina "happie monarch sprung of Ferguse race".
Ní fheictear tásca na ríthe sna hannála Éireann go dtí lár na 6ú haoise, le bás Chomhghaill mhic Dhomhangairt c. 538–545, agus a dhearthár Gabhrán, c. 558–560. Tar éis na mór-cliste ag Cath Maige Rátha sa bhliain 637, chaill Dál Riada in Éirinn a chuid críoch in Albain.[1] San 8ú haois, chloígh a gcéilí comhraic, Dál Áraí, tuath Dhál Riada in Éirinn,[2] cé gur ghlaoití Dál Riada uirthi go dtí an 14ú haois.
Is é Fergus mac Echdach, deartháir agus comharba Aodha Fhionn, rí deireanach Dhál Riada na hAlban a bhfuil fianaise ann dó. Tuairiscítear a bhás i nAnnála Uladh don bhliain 781. I ndiaidh sin, roinneadh Dall Riada ina cineálacha, ina measc Cineál Ghabhráin as Cinn Tíre agus Cineál Loairn.
Roimh Chath Mhaigh Rátha
Cin | Ainm | Réimeas | Nótaí |
---|---|---|---|
Loarn mac Eirc (nó Earca) | Anaithnid | Sinsear eapainmneach Chineál Loairn. Is dóigh gur bréagach é a ghinealach. | |
Fearghas Mór mac Eirc mhic Nise Mhóir | 498-501 | Is é Nisse Mór de réir dealraimh an rí stairiúil, ach cuireadh Fearghas Mór ina áit. Tuairiscítear a bhás i nAnnála Tiarnaigh c. 501[3] | |
Domangart Réti mac Fearghasa nó mac Nissi | Anaithnid | Tuairiscítear a thásc i nAnnála Inis Faithlinn c. 507. Is dóigh gur botúin é an t-ainm athartha 'mac Nissi' | |
Comhghall mac Domhanghairt | bás c. 540 | Deirtear go raibh sé i gcoróin le 35 bliain. Is iomaí tásc a fheictear do i nAnnála Uladh. Sinsear eapainmneach Chineál Chomhghaill | |
Gabhrán mac Domhanghairt | bás c. 560 | Tá nasc ann b'fhéidir idir a bhás agus Bridei I na gCruithneach. Feictear dhá thásc do i nAnnála Uladh. Sinfear eapainmneach Chineál Ghabráin | |
Co | Conall mac Comhghaill | bás c. 574 | Deirtear gur bhronn sé Oileán Í ar Naomh Colm Cille. An chéad rí a bhfuil iontráil ann do seachas tásc i nAnnála Uladh. |
Ga | Aodhán mac Gabhráin | bás c. 606 | Feictear é i Beatha Cholm Cille le hAdomnán chomh maith leis na hannála |
Ga | Eochaidh Buí mac Aodháin | bás c. 629 (tar éis Connaidh Chearr) | Feictear é i Beatha Cholm Cille |
Co | Connadh Cearr mac Conaill | bás c. 629 (roimh Eochaid Buide) | Leath-rí le hEochaidh Buí. Cloíodh é i gCath Fid Eóin ag Conghal Caoch, rí Uladh |
Ga | Domhnall Breac mac Eochach Bhuí | bás c. 642 | Cloíodh is maraíodh é i gCath Strathcarron ag Eugein I Alt Clut |
Co | Ferchar mac Connaid | Anaithnid | Tá a thásc i n Annála Uladh 694 de réir dealraimh as áit. Dar leis an Duan Albanach bhí sé ina leath rí le Domhnall Breac |
Maigh Rath go dtí 741
Cin | Ainm | Réimeas | Nótaí |
---|---|---|---|
Ga | Dúnchad mac Conaing mhic Aodháin nó mac Dúbain | bás c. 654 | Feictear pearsana a mheastar gur de shliocht Dúnchadha iad go minic sna hannála |
Conall Crandomna mac Eochach Bhuí | |||
Domangart mac Domnaill Bhric | bás c. 660 ? | ||
Máel Dúin mac Conaill | bás c. 689 | ||
Domnall Donn mac Conaill | bás c. 696 | ||
Lo | Ferchar Fota mac Feredaig | bás c. 697 | seachtú glúin ó Loarn |
Ga | Eochaid mac Domangairt | Anaithnid | Feictear é sa Duan Albanach, ach ní sna hannála nó ginealaigh níos deireanaí |
Lo | Ainbcellach mac Ferchair Fhada | curtha as c. 698< | D'éag sa bhliain 718 i mbun catha in éadan a dhearthár, Sealbhach |
Ga? | Fiannamail ua Dúnchado nó mac uí Dhúnchadha mhic Conaing | bás 700 | Ní fios an rí Dhál Riada nó Shall Araí é Fiannamail. D'éag a mhic (mar a mheastar) Indreachtach agus Conall died i mbun catha sa bhliain 741. |
Ga? | Béc ua Dúnchado nó nia Donnchadha mhic Conaing | bás 707 | Taoiseach Chineál Ghabhráin |
Ga | Dúnchad Bec | bás 721 | B'fhéidir go bhfuil gaol ann idir é, Fiannamail agus Dúnchadh mac Conaing. Taoiseach Chineál Ghabhráin roimh 719 go dtí 721 |
Lo | Selbach mac Ferchair | d'éirigh as 723 | D'éirigh sé as a choróin ar son a mhic, Dúnghal agus d'éirigh ina chléireach, fuair bás 730 |
Lo | Dúngal mac Selbaig | curtha as 726 | D'fhan ina rí Chineál Loairn is dóigh go dtí gur cuireadh sé as sa bhliain 733 |
Ga | Eochaid mac Echdach, Angbad | 726–733 | Cineál Ghabhráin ar ais |
Lo | Muiredach mac Ainbcellaig | 733–736 | |
? | Alpín mac Echdach | Anaithnid | Feictear é sa Duan Albanach, ach b'fhéidir go bréagach |
Lo | Eógan mac Muiredaig | Anaithnid | Feictear i roinnt croinicí Albanacha, ach ní sa Duan Albanach. Ina thaoiseach Chineál Loairn b'fhéidir. |
Ga? | Indrechtach mac Fiannamail | bás 741 | Ní fios go cruinn cérbh é. D'éag sé i gCath Forboros, b'fhéidir maraithe ag na Cruithnigh faoi Aonghas mac Fearghasa. B'fhéidir gur rí Dhál Araí é, ach más fíor, ba chóir go raibh aige mar ainm athartha mac Lethlobair |
Ón 740í ar aghaidh
Cin | Ainm | Réimeas | Nótaí
|
---|---|---|---|
Ríthe anaithnid kings | c. 736–750 nó níos deireanaí | Bhí Dál Riata faoi smacht na gCruithneach ag an am seo. | |
Ga | Aodh Fionn mac Eochach | roimh 768–778 | Deirtear i nginealaigh níos deireanaí gurbh é Domangart má Domhnaill Bhric ina athair Aodha, rud atá dochreidte ó thaobh is croineolaíochta de. |
Ga | Fergus mac Echdach | 778–781 | Dearthaír le hAodh Fionn |
Ga | Eochaid mac Áeda Find | Anaithnid | Ní fheictear é sa Duan Albanach, nó na hannála, ach ansin i nginealaigh níos deireanaí, is dócha botún agus go raibh Eochaid mac Echdach i gceist |
? | Donncoirce | bás 792 | Tásc i nAnnála Uladh, ní fheictear sa Duan Albanach nó ginealaigh níos deireanaí |
? | Caustantín na gCruithneach | Anaithnid | Sliochtaigh Aonghasa I mhic Fhearghasa. Rí na gCruithneach c. 792–820. Feictear é sa Duan Albanach ach ní mheastar de ghnáth gur rí Dhál Riada é |
c. 792–805 | Ríthe anaithnid | ||
? | Conall mac Taidg | c. 805–807 | Maraithe i mbun catha i gCinn Tíre, is dócha an chéad Chonall a fheictear sa Duan Albanach |
? | Conall mac Áedáin | c. 807–811 | Mharaigh sé Conall mac Taidg |
Domnall mac Caustantín | c. 811–835 | Bhí Domnall éigin i réim le ceithre bliana is fiche dar leis an Duan Albanach, dátaí garbha | |
Óengus II na gCruithneach | Anaithnid | Deartháir Caustantín. Rí na gCruithneach c. 820–834. Feictear é sa Duan Albanach ach ní mheastar de ghnáth gur rí Dhál Riada é | |
Eóganán na gCruithneach mac Aonghasa | Anaithnid | Rí na gCruithneach c. 837–839. Feictear é sa Duan Albanach ach ní mheastar de ghnáth gur rí Dhál Riada é | |
Áed mac Boanta | c. 835–839 | Maraithe i mbun catha in éadan na Lochlannach i dteannta le hEóganán mac Óengusa | |
Ga | Alpin II Dhál Riada mac Eochach mhic Aodha Fhionn | Anaithnid | Ní fheictear é nó sna hannála nó sa Duan Albanach. Níl aon fhianaise ann gur rí Dhál Riata |
Ga | Cináed mac Ailpín | Anaithnid | Rí na gCruithneach c. 843–858. Ní mheastar de ghnáth gur rí Dhál Riada é |
Diarmaid mac Sealbhaigh | c. 914 | Meastar gur rí Dhál Riada in Éirinn é |
Annála
Is iad a leanas na príomh-fhoinsí atá ann ar ríthe Dhál Riada:
- Annála Uladh
- Annála Tiarnaigh
- Seanchas Fear Alban
- Sioncronachtaí le Flann Mainistreach as Mainistir Bhuithe
- Duan Albanach
- Beatha Cholm Cille le hAdhamhnán
Foinsí níos lú iontaofa:
Is deacair é brí a bhaint as na foinsí. Ó thaobh a lán iontrálacha de a bhfuil cuma Dhál Riada orthu, tá easpa comhthéacs iontu, níl iontu ainmneacha athartha nó leasainmneacha. Tá go leor easaontas idir na foinsí. Is léir gur athraíodh nó cuireadh le roinnt iontrálacha ag an níos deireanaí.
Foinsí
- Bardon, Jonathan (2005). "A History of Ulster". The Black Staff Press.
- Adomnán, Life of St Columba, aistr. & eag. Richard Sharpe. Penguin, Londain, 1995. ISBN 0-14-044462-9
- Anderson, Alan Orr, Early Sources of Scottish History A.D 500–1286, imleabhar 1. Athchló le ceartúcháin. Paul Watkins, Stamford, 1990. ISBN 1-871615-03-8
- Bannerman, John, Studies in the History of Dalriada. Scottish Academic Press, Dún Éadain, 1974. ISBN 0-7011-2040-1
- —, "The Scottish Takeover of Pictland" in Dauvit Broun & Thomas Owen Clancy (eag.) Spes Scotorum: Hope of Scots. Saint Columba, Iona and Scotland. T & T Clark, Dún Éadain, 1999. ISBN 0-567-08682-8
- Broun, Dauvit, The Irish Identity of the Kingdom of the Scots in the Twelfth and Thirteenth Centuries. Boydell, Woodbridge, 1999. ISBN 0-85115-375-5
- —, "Pictish Kings 761–839: Integration with Dál Riata or Separate Development" in Sally M. Foster (eag.), The St Andrews Sarcophagus: A Pictish masterpiece and its international connections. Four Courts, Baile Átha Cliath, 1998. ISBN 1-85182-414-6
- Sharpe, Richard, "The thriving of Dalriada" in Simon Taylor (eag.), Kings, clerics and chronicles in Scotland 500–1297. Four Courts, Baile Átha Cliath, 2000. ISBN 1-85182-516-9
Naisc sheachtracha
Féach freisin
- Ríthe na gCruithneach
- Ríthe na hAlban
Tagairtí
- Bardon, Jonathan (2005). "A History of Ulster": 20-1. The Black Staff Press.
- "A New History of Ireland, II Medieval Ireland 1169-1534" (2008): 17. Oxford University Press.
- AT 501.3, Feargus ... partem Britaniae tenuit, et ibi mortuus est.