Ríthe na nUladh
Ríthe as Cúige Uladh ab ea Rí na nUladh (Sean-Ghaeilge Rí Ulad), idir seanscéalach agus stairiúil. Bronnadh an teidal Rí an Chúige (rí in Chóicid) air scaití.[1]
Ríthe na nUlad seanscéalach, agus na críocha níos lú ar chósta thoir thuaidh na tíre, a bhíodh i gceist leis an teideal ó thús. Léiríonn léarscáil Tholamaes (tiomsaithe circa AD 150 ó fhoinsí éagsúla a bhí níos luaithe ann) iad mar Uoluntii agus Darini in aice láimhe. Is cosúil go raibh ceannas díreach acu ar Chontae Mhuineacháin, Chontae Ard Mhacha, Chontae an Dúin, Chontae Aontroma agus cuid mhaith de Chontae Lú mar atá siad anois ann, nuair a bhí a fhorlámhas i mbláth. Ba iad na hOirialla, cónaidhm scaoilte de chine na gCruithneach agus vasáilligh na nUlad, a bhí i gceannas i lár an chúige. Tá dhá threibh eile luaite ag Tolamaes níos faide siar ina léarscáil, na Vennikinii i gContae Dhún na nGall agus na Erpitianni ar feadh Loch Éirne uachtair agus íochtair; bhí an bheirt acu is dócha faoi réir riail na nUlad.
Tháinig deireadh leis an teideal tar éis ionradh na Normannach sa bhliain 1177 agus bhunú Iarlacht na nUladh. Bronnadh an teideal Rex Hibernicorum Ulidiae, .i. "Rí na nGael na nUladh",[2] ar Mhic Dhúinnshléibhe go dtí gur thit an rítheaghlach i léig faoi dheireadh na 13ú haoise.
Tar éis teip na hiarlachta sa bhliain 1333, d'fhorghabh agus d'athbheoigh Uí Néill an Tuaiscirt, príomhchéilí comhraic Gaelacha na nUlad, an teideal i ndiaidh na bliana 1364. Mar thoradh, d'éirigh gaol idir an teideal agus a gcuid críoch, agus go deimhin thug siad an t-ainm 'Ulaidh' orthu.[2]
Ríthe seanscéalacha
- Eber Donn
- Cimbáeth
- Macha Mong Ruad
- Fergus mac Léti
- Congal Cláiringnech
- Ross Ruad
- Eochaid Sálbuide
- Fergus mac Róich
- Conchobar mac Nessa
- Cúscraid mac Conchobar
- Fíatach Finn
- Elim mac Conrach
- Mal mac Rochride
- Tipraiti Tireach
- Áengus Goibnenn mac Fergus Gallen mheic Tibraide Tirech
- Fergus Dubdétach
- Aengus Finn mac Fergus Dubdétach
- Lugaid Lorc mac Áengus Finn
- Dub mac Fomor mheic Airgetmar
- Fiachu Araide mac Áengus Goibnenn mheic Fergus Gallen
- Fedlimid mac Cas mheic Fiachu Araide
- Imchad mac Fedlimid
- Ros mac Imchad
- Cronn Badruí mac Eochaid mheic Lugaid mac Ros mac Imchad
- Fergus Foga mac Fraechar Foirtriun
- Cáelbad mac Cronn Badruí
- Saran mac Cáelbad
- Mihail
Ríthe stairiúla
Rí | Réimse |
---|---|
Forga mac Dallán mheic Dubthach mac Mianach mac Lugaid Lorc | bás 465? |
Muiredach Muinderg mac Forga mac Dallan | 465–489 |
Eochaid mac Muiredaig Muinderg | 489–509 |
Cairell mac Muiredaig Muinderg | 509–532 |
Eochaid mac Condlai mac Caolbad | 532–553 |
Fergnae mac Oengusso Ibdaig | 553–557 |
Demmán mac Cairill | 557–572 |
Báetán mac Cairill | 572–581 |
Áed Dub mac Suibni | (bás 588) |
Fíachnae mac Báetáin (Fiachnae Lurgan) | 588–626 |
Fiachnae mac Demmáin | 626–627 |
Congal Cáech (Congal mac Sgánnail) | 627–637 |
Dúnchad mac Fiachnai | (bás c. 644) |
Máel Cobo mac Fiachnai | (bás 647) |
Blathmac mac Máele Cobo | (bás 670) |
Congal Cennfota mac Dúnchada | (bás 674) |
Fergus mac Áedáin | 674–692 |
Bécc Bairrche mac Blathmaic | 692–707 |
Cú Chuarán mac Dúngail Eilni | 707–708 |
Áed Róin mac Bécce Bairrche | 708–735 |
Cathussach mac Ailello | 735–749 |
Bressal mac Áedo Róin | 749–750 |
Fiachnae mac Áedo Róin | 750–789 |
Tommaltach mac Indrechtaig | 789–790 |
Eochaid mac Fiachnai | 790–810 |
Cairell mac Fiachnai | 810–819 |
Máel Bressail mac Ailillo | 819–825 |
Muiredach mac Eochada | 825–839 |
Matudán mac Muiredaig | 839–857 |
Lethlobar mac Loingsig | 857–873 |
Cathalán mac Indrechtaig | 857–871 |
Ainbíth mac Áedo | 873–882 |
Eochocán mac Áedo | 882–883 |
Airemón mac Áedo | 882–886 |
Fiachnae mac Ainbítha | 886–886 |
Bécc mac Airemóin | 886–893 |
Muiredach mac Eochocáin | 893–895 |
Máel Mocheirge mac Indrechtaig | 893–896 |
Aitíth mac Laigni | 896–898 |
Cenn Etig mac Lethlobair | 896–900 |
Áed mac Eochocáin | 898–919 |
Dubgall mac Áeda | 919–925 |
Loingsech mac Cinn Étig | 925–932 |
Eochaid mac Conaill | 932–937 |
Matudán mac Áeda | 937–950 |
Ardgal mac Matudáin | 950–970 |
Niall mac Áeda | 970–971 |
Áed mac Loingsig | 971–972 |
Eochaid mac Ardgail | 972–1004 |
Gilla Comgaill mac Ardgail | 1004–1005 |
Máel Ruanaid mac Ardgail | 1005–1007 |
Matudán mac Domnaill | 1007–1007 |
Dub Tuinne ("In Torc") mac Eochada | 1007–1007 |
Domnall mac Duibh Thuinne | 1007–1007 |
Niall mac Duib Thuinne | 1007–1016 |
Muiredach mac Matudáin | 1007–1008 |
Niall mac Eochada | 1016–1063 |
Eochaid mac Néill meic Eochada | ????–1062 |
Donnchad Ua Mathgamna | 1063–1065 |
Cú Ulad Ua Flaithrí | 1065–1071 |
Lochlainn Ua Máel Ruanaid | 1071–1071 |
Donn Sléibe mac Eochada | 1071–1078 |
Áed Meranach Ua hEochada | 1078–1080 |
Goll na Gorta Ua Mathgamna | 1080–1081 |
Donn Sléibe mac Eochada | 1081–1091 |
Donnchad mac Duinn Sléibe | 1091–1095 |
Eochaid mac Duinn Sléibe | 1095–1099 |
Donnchad mac Duinn Sléibe | 1099–1099 |
Eochaid mac Duinn Sléibe | 1099–1108 |
Donnchad mac Duinn Sléibe | 1108–1113 |
Áed mac Duinn Sléibe | 1113–1127 |
Eochaid Ua Mathgamna | 1113–1127 |
Ragnall Ua hEochada | 1127–1131 |
Cú Ulad mac Conchobair Chisenaig Mac Duinn Sléibe | 1131–1157 |
Áed mac Con Ulad Mac Duinn Sléibe | 1157–1158 |
Eochaid mac Con Ulad Mac Duinn Sléibe | 1158–1166 |
Magnus mac Con Ulad Mac Duinn Sléibe | 1166–1171 |
Donn Sléibe mac Con Ulad Mac Duinn Sléibe | 1171–1172 |
Ruaidrí mac Con Ulad Mac Duinn Sléibe | 1172–1201 |
Féach freisin
Foinsí
- Stockman, Gerrard (1992). "Volume Two, County Down II, The Ards". The Institute of Irish Studies, The Queen's University of Belfast.
- Mac Néill, Eoin (1919). "The Irish Law of Dynastic Succession: Part II". Studies: An Irish Quarterly Review 8 (32): 40–653. Irish Province of the Society of Jesus.
- Annála Uladh
- Annála na gCeithre Máistrí.
- Annála Connacht, A. Martin Freeman, 1944.
- "Irish Kings and High Kings", Francis John Byrne, 1973.
- "Leabhar Mór Ginealach", Dubhaltach Mac Firbhisigh, eag. O'Muralie, 2004.
Naisc sheachtracha
Tagairtí
- Mac Néill, lch. 651.
- Stockman, lch. xix.