Réaltbhuíon
Cnuasach réaltaí mar a fheictear sa spéir é - sin réaltbhuíon. Bíonn na réaltaí faoi ghluaisne an t-am ar fad, ach bíonn siad chomh fada sin amach uainne nach mbíonn a gcuid gluaisne coibhneasta le brath, agus mar sin is ionann na cnuasaigh réaltaí sa spéir leis na mílte bliain. Ní hionann mar sin, an fad amach uainn a bhíonn gach uile réalta i réaltbhuíon ar bith.
Réaltbhuíon | |
---|---|
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha | |
Cuid de | Sféar neamhaí |
Tugadh ainmneacha ar chnuasaigh ar leith i gcaitheamh na gcéadta bliain; cuir i gcás, 'An Camchéachta', 'Oiríon', agus a lán eile. Réalteolaithe an lae inniu - is é rud a roinneann siad an spéir ina 88 d'achair rialta - de chearnóga agus de dhronuilleoga, is é sin. Réaltbhuíonta a thugtar ar na rannóga seo, agus is minic a choimeádtar na seanainmneacha orthu.
Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes |
an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir |