Réadlann Ríoga Greenwich
Réadlann a bhunaigh Rí Séarlás II Shasana, a thóg an t-ailtire Christopher Wren i 1675 chun feabhas a chur ar loingseoireacht is coimeád ama. Lárnach in ullmhú féilirí is an Nautical Almanac (Almanag Mara), agus an-tábhachtach i gcoimeád an ama go dtí lár an 20ú céad. Freagrach as tástáil chronaiméadar mara John Harrison i 1736, 1749 is 1763, a réitigh fadhb thomhas an domhanleithid ar muir faoi dheireadh. Ag comhdháil i Washington i 1884 glacadh leis an ais tríd an teileascóp inti mar phríomhfhadlíne. Ba é seo an socrú a roinn an Domhan ina leathsféir thiar is thoir agus a chuir tús le leagan amach na n-amchriosanna idirnáisiúnta. Bogadh na gníomhaíochtaí eolaíocha go Herstmonceaux i 1948, agus rinneadh músaem is pláinéadlann as an tseanréadlann. Bogadh an phríomhoifig go Cambridge i 1990. Dúnadh í faoi dheireadh i 1998, agus bogadh oifig an Nautical Almanac chuig Saotharlann Rutherford Appleton in Oxfordshire.[1]
Lipéad sa teanga dhúchais | (en) Royal Observatory | |||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Réadlann agus díol spéise do thurasóirí | |||
Cuid de | Maritime Greenwich (en) agus Royal Museums Greenwich (en) | |||
Ailtire | Christopher Wren | |||
Foirgníocht | 4 Márta 1675 (Iúlach) | |||
Dáta na hoscailte oifigiúla | 1675 | |||
Tréith | ||||
Airde os cionn na farraige | 68 m | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Buirg Ríoga Greenwich, England agus Buirg Londan Greenwich, England | |||
Suíomh | Buirg Londan Greenwich | |||
| ||||
Le cuid | Altazimuth Pavilion At The Royal Observatory (en) | |||
Foirgneamh liostaithe Ghrád I | ||||
Am | 8 Meitheamh 1973 | |||
Aitheantóir | 1002036 | |||
Séadchomhartha sceidealaithe | ||||
Foirgneamh liostaithe Ghrád II | ||||
Altazimuth Pavilion At The Royal Observatory | ||||
Am | 21 Lúnasa 2002 | |||
Aitheantóir | 1031860 | |||
Gníomhaíocht | ||||
Bunaitheoir(í) | Séarlas II Shasana | |||
Minor Planet Center observatory code (en) | 000 | |||
Suíomh gréasáin oifigiúil | rmg.co.uk… | |||
Tagairtí
- Hussey, Matt (2011). "Réadlann Ríoga Greenwich". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 551.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoi thíreolaíocht Shasana é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |