Port a' Mhadaidh
Is baile suite in Earra-Ghàidheal agus Bòd, in Albain é Port a' Mhadaidh,[1] trasna na locha ón Tairbeart, sráidbhaile iascaigh. Scáilbhaile is ea Port a' Mhadaidh: níl éinne ina chónaí ann agus ní raibh ariamh. Tógadh na foirgnimh atá ann sna seachtóidí déanacha mar thithíocht d'oibrithe sa tionsclaíocht ola, ach níor baineadh úsáid astu ariamh. Mar aon leis na foirgnimh, tógadh duga tirim. Níor úsáideadh é seo ach oiread go dtí an bhliain 2009, nuair a rinneadh muiríne de. Tá sé ceaptha Port a' Mhadaidh a fhorbairt arís, ag leagan cuid, ar a laghad, de na foirgnimh a tógadh siar sna 1970idí.
Port a' Mhadaidh | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | An Ríocht Aontaithe | |||
Comhthír na Ríochta Aontaithe | Albain | |||
Limistéar comhairle in Albain | Earra-Ghàidheal agus Bòd |
Tagairtí
- “Ainmean-Àite na h-Alba (AÀA) – Gaelic Place-names of Scotland” (en). Ainmean-Àite na h-Alba. Dáta rochtana: 2023-05-09.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.