Peith (ogham)
Cuireadh go déanach leis na forfeda é Peith, ar a nglaoitear fosta Beith Bhog. Is é [p] a luach foghraíochta.
Peith | |
---|---|
Cineál | litir oghaim |
Ball de | ogham agus forfeda |
Téann an aibítir Oghaim siar go dtí ré na Gaeilge Cianaí, agus dá bharr, ní raibh litir ann ó thús don fhoghar [p]. Cuireadh an litir Pín leis an aibítir níos deireanaí chun an foghar seo a scríobh. Roimhe sin, meastar go scríobhtaí Beith le haghaidh [b] agus [p] araon.
Seachas an chéad litir, Éabhadh, ní scríobhtaí na cúig bhunfhorfeda ach go hannamh ar inscríbhinní Oghaim, agus thug seo an deis dosna oghamaithe níos deireanaí um sainmhínithe nua a thabhairt orthu mar aicme dhéfhoghar guta. Tugadh dá bharr foghair ollnua ar na litreacha Pín agus Eamhancholl araon, agus caithfí ainm na litreach 'Pín' a athrú go 'Iphín'. Arí eil mar sin, ba ghá litir nua a chumadh don fhoghar [p], agus cruthaíodh 'Peith'.
Féach freisin
Tagairtí