Peadairín
Cineál éan beag mara atá gaolmhar leis an albatras is ea an peadairín. Cuid mhaith saille ina cholainn, ionas go n-úsáideadh mairnéalaigh an t-éan mar choinneal ach buaiceas a chur tríd an gcolainn.
Sanasaíocht
Tagann an focal “peadairín” ón bhealach a eitlíonn an t-éan agus a chosa ag scimeáil go díreach ar dhromchla an uisce, cosúil leis an mbealach ar shiúil Naomh Peadar ar Mhuir na Gailíle (Matha 14:28); cf. Béarla petrel, Sean-Fhraincis Peterelle (?), Laidin dhéanach Peterellus, ón Ghréigis: Πέτρος ó πέτρα “cloch”.
Aicmiú
Is baill den ord Procellariiformes iad, cé nach grúpa tacsanomaíochta iad na peadairíní toisc nach bhfaightear iad ach i dtrí cinn as na ceithre fhine san ord (seachas fine na n-albatras, Diomedeidae).
Téarmaíocht
Ní ionann go hiomlán na peadairíní agus na petrels i mBéarla. Mar shampla, tugtar “fulmaire” nó “cánóg bhán” ar fulmar's petrel agus tugtar “guairdeall” ar speicis éagsúla de storm petrels.[1]
Samplaí
- Bulweria bulwerii: peadairín Bulwer
- Hydrobates pelagicus: peadairín na stoirme (nó guairdeall)
- Pterodroma feae: peadairín clúmhach Fea
- Pterodroma madeira: peadairín clúmhach Mhaidéara
- Pterodroma mollis: peadairín clúmhach deisceartach
Tagairtí
- Hussey, Matt (2011). "Clamprán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 142.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |