Paul Klee
Péintéir Eilvéiseach ab ea Ernst Paul Klee (18 Nollaig 1879 – 29 Meitheamh 1940). Bhí stíl aonair faoi leith aige, go mór faoi anáil an Osnádúrachais, an Eispriseanachais agus an Chiúbachais. Spéis leis an oirthearachas freisin. Dréachtóir nádúrtha a bhí ann. Rinne sé turgnaimh le dathanna agus thosaigh sé ag cur suim mhór sa dath-theoiric, ábhar a scríobh sé a lán faoi. Bhí cúlra láidir ceoil aige.
Gailearaí
- Der Goldfisch (An t-iasc órga), 1925
- Cat agus éan (1928)
- Tine sa tráthnóna (1929)
- Was fehlt ihm? (Cad atá ar iarraidh?), 1930
- Figiúirí i mbuí (1937)
- Revolution des Viadukts (Réabhlóid an tarbhealaigh), 1937
- Puipéad láimhe gan teideal (féinphortráid), 1922
- Fleáchas oíche
Tagairtí
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.