Pat Sheehan
Is polaiteoir de chuid Shinn Féin é Pat Sheehan (Gaeilge: Pádraig Ó Seitheacháin). Rugadh é ar 28 Bealtaine 1958 i mBéal Feirste. Is Comhalta den Tionól Reachtach é do Bhéal Feirste Thiar, ó 2010 [1].
Saol
Chaith Sheehan 18 bliain sa phríosún agus é ar an bpluid agus ar stailc ocrais faoi dhó, i 1980 agus 1981. Sa bhliain 1981 chuaigh sé gan bhia ar feadh 55 lá agus bhí sé go dona tinn sular cuireadh stop leis an stailc ocrais.[2]
Sa phríosún bhain Sheehan céim amach san fhealsúnacht agus sa pholaitíocht le céad onóracha.
Gaeilgeoir is ea Pat Sheehan.[2]
Féach freisin
Tagairtí
- "The Northern Ireland Assembly" (en-GB). www.niassembly.gov.uk. Dáta rochtana: 2022-06-22.
- Meadhbh Ní Eadhra (31 Bealtaine 2022). "Cé hiad na cainteoirí líofa Gaeilge a toghadh chuig Stormont?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-02-10.
![]() | Is síol faoi Thuaisceart Éireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.