Paitinn

Cáipéis dhlíthiúil a thugann ceart toirmeascach do cheapadóir an táirge nó an próiseas a cheap sé a shaothrú ar feadh oiread áirithe blianta, faoina choimirce féin nó trí chead a dhíol le duine eile. Is cuid den reachtaíocht maidir le sealúchas intleachtúil an phaitinn, cosúil le trádmharc is cóipcheart. Chun paitinn a fháil ní mór don cheapadóir tuairisc ar an gceapachán a chur chuig Oifig na bPaitinní, ag léiriú a éagoitinne. Scrúdaíonn an Oifig an tuairisc, agus bronnann an phaitinn más é a breithiúnas gur táirge nó próiseas nua atá i gceist. Is féidir cosaint paitinne a fháil ar bhonn idirnáisiúnta freisin ach an táille a íoc.[1]

Paitinn de chuid na Stát Aontaithe

Tagairtí

  1. Hussey, Matt (2011). "Paitinn". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 505.
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.