Páirtí an Lucht Oibre (an Ríocht Aontaithe)

Páirtí an Lucht Oibre ar cheann de na páirtithe polaitiúla is sine agus is mó sa Ríocht Aontaithe. Glacann an páirtí seasamh eite chlé ar cheisteanna eacnamaíochta, agus seasamh liobrálach ar cheisteanna sóisialta.

Bosca Sonraí EagraíochtaPáirtí an Lucht Oibre
(en-gb) Labour Party Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnThe Red Flag Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ainm gearrLab Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálpáirtí polaitíochta
eagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtasóisialachas daonlathach
daonlathas sóisialach Cuir in eagar ar Wikidata
Ailíniú polaitíochtaar chlé ón lár Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1900, Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Ball dePáirtí na Sóisialaithe Eorpach
An tAontas Forásach
Labour and Socialist International (en) Aistrigh (1923–1940) Cuir in eagar ar Wikidata
Ballraíocht552,000 (2017) Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
UachtaránachtKeir Starmer (2020–) Cuir in eagar ar Wikidata
ArdrúnaíIain McNicol (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
ÓgeagraíochtYoung Labour (en) Aistrigh (1993–) Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid
Teach Theachtaí na Ríochta Aontaithe
Teach na dTiarnaí (2024)
Pàrlamaid na h-Alba
Tionól Náisiúnta na Breataine Bige
London Assembly (en) Aistrigh
Eile
Dath     Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinlabour.org.uk Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: UKLabour Cuir in eagar ar Wikidata

Ó vótáladh rialtas Lucht Oibre Gordon Brown amach i 2010, tá an páirtí mar fheasúra oifigiúil na Ríochta Aontaithe. In olltoghchán is déanaí na Ríochta Aontaithe, i Mí Nollag 2019, bhuaigh an páirtí 203 shuíochán de na 650 ceann a bhí le fáil i dTeach na dTeachtaí, agus 32.1% de na guthanna. Ó Mhí Aibreáin 2020, is é Keir Starmer atá ina cheannaire ar an bpáirtí. Tá an páirtí i mbun rialtais sa Bhreatain Bheag, agus is é Mark Drakeford, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain Bheag, atá ina Chéad-Aire ar an tír.

Stair an pháirtí ó 2015

2015-2017

Jeremy Corbyn, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre idir 2015 agus 2020

Sa bhliain 2015, toghadh Jeremy Corbyn mar cheannaire ar an bPáirtí, tar éis gur chaill an páirtí olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2015, agus gur éirigh a réamhcheannaire, Ed Miliband, as. Ag an am sin, measadh gur iarrthóir an-chleitiúil go coibhneasta chun cheannais an Pháirtí a bhí i gCorbyn – bhí in áireamh a choid beartas ná go gcruthódh Banc Shasana airgead le haghaidh infheistiú i dtithíocht agus in iompar poiblí[1]; go n-athnáisiúnófaí na córais fuinnimh agus iarnróid[2]; agus go ngearrfadh an rialtas cuid den £93 billiún a thugann an rialtas, dar le Kevin Farnsworth, léachtóir ar Ollscoil Eabhrac, i maoluithe cánacha do chomhlachtaí éagsúla[1][3]. Bhuaigh sé an comórtas ceannaire mar gheall ar thacaíocht an-mhór ó bhaill an pháirtí cé nach bhfuair sé a lán tacaíochta óna chuid Fheisirí Westminster. Maireann scoilte poiblí idir eite chlé agus eite dheis an pháirtí go fóill, cé go bhfuil siad seo maolaithe go fiúntach tar éis toradh Olltoghcháin na Ríocht Aontaithe 2017 don pháirtí, a thug dóibh méadú measartha i líon na suíomhanna Westminster agus méadú mór i líon na vótaí, in ainneoin tairngreachtaí forleathan go gcaillfí an páirtí a lán tacaíochta.

Torthaí olltoghcháin na Ríocht Aontaithe 2017 - gach heicseagán in ionad suímh pharlaiminte amháin. Tá Páirtí an Lucht Oibre i ndearg, agus 262 den 650 suíomh acu, go háirithe sa Bhreatain Bheag, i dTuaisceart Shasana agus i Londain.
Torthaí olltoghcháin na Ríocht Aontaithe 2017 - gach heicseagán in ionad suímh pharlaiminte amháin. Tá Páirtí an Lucht Oibre i ndearg.

2017-2019

Meirge de chuid an pháirtí ag agóid ar son 'People's Vote' (Vóta an Phobail), nó vóta ar fhanacht san Aontas Eorpach tar éis don rialtas margadh Breatimeachta a chinneadh. I rith an phróisis Bhreatimeachta, bhí díospóireacht laistigh den pháirtí faoin seasamh ar cheart dóibh a ghlacadh ar an mBreatimeacht.

Amach as Olltoghchán 2017, lean an páirtí polasaithe eacnamaíochta níos mó chun na heite clé ná cinn an rialtais (atá faoi stiúir an Pháirtí Choimeádaigh) a chur chun cinn. Ag Ard-Fheis an pháirtí sa bhliain 2018, bheartaigh an scáth-seansailéir, John McDonnell, go mbeadh ar chomhlachtaí móra 10% a gcuid scaireanna a thabhairt dá lucht fostuithe; go gcuirfí pá íosta na Ríochta Aontaithe suas go £10 in aghaidh na huaire; go mbeadh margáil chomhchoiteann idir ceardchumainn agus fostaitheoirí i ngach earnáil eacnamaíochta; agus go n-atabhairfí an córas uisce (chomh maith leis na córais iarnróid, fuinnimh agus poist) faoi sheilbh poiblí, chomh maith le cuid mhór polasaithe eile.[4][5]

I bhfeachtas Olltoghchán 2019, b'é príomh-mhana an pháirtí ná "It's Time for Real Change", agus iad ag maíomh gurb é Páirtí an Lucht Oibre an páirtí is fearr chun seirbhísí poiblí a fheabhsú agus chun geilleagar a chruthú a d'oibreodh ar son gach duine.[6]

I ndeireadh an scéil, theip ar an pháirtí tromlach a shéanadh don Pháirtí Caomhach i dTeach na dTeachtaí. Níor éirigh leo ach 203 shuíochán a bhuachan as na 650 ceann a bhí le fáil, agus 32.1% den vóta bainte amach acu. De réir méid na suíochán, b'é an toradh ba mheasa é a d'fhulaing an páirtí ó na 1930idí.

Aighneas faoin bhfrith-ghiúdachas

Ón bhliain 2016, tá aighneas sa pháirtí faoi imnithe go bhfuiltear ag cur suas le frith-Ghiúdachas laistigh den pháirtí. I mí Aibreáin 2016, i ndiaidh airde sna meáin ar dhá ráiteas conspóideach ó bhaill iomráiteacha den pháirtí – Naz Shah, feisire i dTeach na dTeachtaí, agus Ken Livingstone, iar-mhéara ar Londain, faoi seach – coimisiúnaíodh tuairisc ar fhrith-Ghiúdachas laistigh den pháirtí ó dhlíodóir agus ball den pháirtí Sami Chakrabarti.[7] Níor chuir an tuairisc seo deireadh leis an aighneas, áfach; tá daoine éagsúla laistigh agus lasmuigh den pháirtí araon ag déanamh líomhan nach bhfuil ceannasaíocht an pháirtí ag déanamh a dhóthain le dul i ngleic leis an bhfrith-Ghiúdachas laistigh den pháirtí. Tháinig na líomhaine seo chun cinn go háirithe i mí Mhárta 2018, nuair a fuair sean-trácht a rinne Jeremy Corbyn faoi mhórphictiúr aird sna meáin[8], agus i mí Feabhra 2019, nuair a d'imigh an feisire parlaiminte Luciana Berger, gur Giúdach í, den pháirtí, agus í ag lua drochíde frith-Ghiúdaí agus an chreidiúint a bhí aici go raibh an páirtí anois "ina páirtí go forleitheadach frith-Ghiúdach", mar na cúiseanna gur imigh sí.[9]

I rialtas na Breataine Bige

Tá Páirtí an Lucht Oibre ar an bpáirtí is mó i Rialtas na Breataine Bige, feidhmeannacht díláraithe laistigh den Ríocht Aontaithe. Is é Mark Drakeford ceannaire an pháirtí sa Bhreatain Bheag, agus mar sin Céad-Aire na Breataine Bige. Ón toghchán is déanaí i 2021, is é Páirtí an Lucht Oibre an t-aon pháirtí i rialtas na Breataine Bige, iad ag rialú mar rialtas mionlaigh. I measc na ndlithe nua atá curtha isteach ag an rialtas ó 2016, tá cosc ar phollaidh dlúthphearsanta do dhaoine faoi bhun 18 mbliana[10]; cosc ar chaitheamh tobac taobh amuigh de scoileanna agus ospidéil[11]; leathnú cearta vótála, vótaí do dhaoine 16 bliana sna toghcháin áitiúla ina measc sin[12]; agus rialacha chun tacú le saoirse agus inscne-neodracht na gculath scoile[13].

Pobalbhreitheanna

Pobalbhreitheanna don chéad olltoghchán eile. I ndearg atá Páirtí an Lucht Oibre.

Ó tharla Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2019, is idir 28% agus 56% d'fhreagarthóirí i bpobalbhreitheanna sa Bhreatain Mhór a deir gur ar son Pháirtí an Lucht Oibre a vótálfaidís dá mbeadh olltoghchán an lá amárach.[14][15]

Féach freisin

Naisc sheachtracha

Tagairtí

  1. LabourList (22 Mhí Iúil 2015). """You just cannot cut your way to prosperity" – Jeremy Corbyn outlines plans to make "large reductions" in £93bn of corporate subsidies" (Béarla). LabourList. Dáta rochtana: 9 Mhí Iúil 2018.
  2. Jane Merrick (9 Mhí Lúnasa 2015). "Jeremy Corbyn to 'bring back Clause IV': Contender pledges to bury New Labour with commitment to public ownership of industry" (Béarla). The Independent. Dáta rochtana: 9 Mhí Iúil 2018.
  3. [Chakrabortty] (7 Mhí Iúil 2015). "The £93bn handshake: businesses pocket huge subsidies and tax breaks" (Béarla). The Guardian. Dáta rochtana: 9 Mhí Iúil 2018.
  4. "John McDonnell offers an ambitious alternative economic policy" (en). The Economist. Dáta rochtana: 2018-10-20.
  5. "Labour: We'll make firms give staff shares" (en-GB). BBC News (2018-09-24). Dáta rochtana: 2018-10-20.
  6. "The Labour Party". The Labour Party. Dáta rochtana: 2019-11-20.
  7. Zack Beauchamp (2018-03-29). "The UK Labour Party’s anti-Semitism crisis, explained". Vox. Dáta rochtana: 2019-03-12.
  8. Serina S, hu (2018-03-26). "Jeremy Corbyn’s anti-Semitism row: the key facts you need to know" (en-GB). inews.co.uk. Dáta rochtana: 2019-03-12.
  9. "7 MPs Quit The Labour Party To Form 'The Independent Group'" (en). HuffPost UK (2019-02-18). Dáta rochtana: 2019-03-12.
  10. Steven Morris (2018-02-02). "'It’s stupid': young people on Wales' intimate piercing ban" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-08-26.
  11. Steven Morris (2018-05-24). "Wales to ban smoking outside hospitals and schools in UK first" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-08-26.
  12. Steven Morris (2018-01-28). "Over-16s to get voting rights in some Welsh elections" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-08-26.
  13. Richard Adams Education editor (2019-07-10). "Welsh schools to offer cheaper uniforms with gender-neutral options" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-08-26.
  14. "2022 General Election Polls - Election Polling". www.electionpolling.co.uk. Dáta rochtana: 2019-02-23.
  15. "UK Polling Report". ukpollingreport.co.uk. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-10-17. Dáta rochtana: 2018-10-20.
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.