Páirtí Aontachtach Daonlathach
Is páirtí polaitíochta dílseach agus aontachtach[1][2] i dTuaisceart Éireann é an Páirtí Aontachtach Daonlathach (Béarla: Democratic Unionist Party nó DUP). Bhunaigh Ian Paisley agus Desmond Boal an páirtí i 1971, le linn na Trioblóidí, agus bhí Paisley mar cheannaire an pháirtí ar feadh 37 mbliain ina dhiaidh sin.
(en) Democratic Unionist Party ![]() | |
Sonraí | |
---|---|
Ainm gearr | DUP ![]() |
Cineál | páirtí polaitíochta ![]() |
Idé-eolaíocht pholaitíochta | aontachtas sa Ríocht Aontaithe coimeádachas sóisialta pobalachas ar an eite dheas coimeádachas náisiúnta náisiúnachas Briotanach Eoraisceipteach ![]() |
Ailíniú polaitíochta | eite dheis ar dheis ón lár ![]() |
Foirm dlí | |
Dáta a bunaíodh | 30 Meán Fómhair 1971 |
Bunaitheoir(í) | Ian Paisley ![]() |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Uachtaránacht | Maurice Morrow (en) ![]() ![]() |
Eile | |
Dath | ![]() |
Suíomh gréasáin | mydup.com ![]() |
![]() ![]() |
Is é Gavin Robinson ceannaire an pháirtí, tofa in 2024 i gcúinsí eisceachtúla.
Is é an DUP ceann den dá páirtí is mó i dTionól Thuaisceart Éireann, agus an cúigiú páirtí is mó i dTeach na dTeachtaí na Ríochta Aontaithe (toghadh 8 ball den pháirtí chun Pharlaimint na Breataine sa toghchán in 2019).
.JPG.webp)
Polasaithe

Deirtear go bhfuil an páirtí i bhfad amach ar an eite dheis[3] agus go bhfuil sé thar a bheith coimeádach ar chúrsaí sóisialta.[4] Tá sé in aghaidh an ghinmhillte agus an phósadh comhghnéis. Feiceann an DUP é féin ag cosaint an Briotanachas agus cultúr Protastúnach Uladh. Tá an páirtí amhrasach faoin Aontas Eorpach agus thacaigh sé leis an mBreatimeacht.[5][6]
Stair
D'eascair an DUP ón bPáirtí Aontachtach Protastúnach. Tá naisc stairiúla aige le hEaglais Shaor Phreispitéireach Uladh, an eaglais a bhunaigh Paisley. Le linn na `dTrioblóidí, bhí an DUP i gcoinne cumhacht a roinnt le náisiúnaithe Éireannacha mar bhealach an coimhlint a réiteach, agus bhí sé i gcoinne iarrachtaí baint a bheith ag Poblacht na hÉireann i gcúrsaí Thuaiscirt Éireann. Chuaigh sé i mbun feachtais i gcoinne Chomhaontú Sunningdale 1973, Comhaontú Angla-Éireannach 1985 agus Comhaontú Aoine an Chéasta 1998. Sna 1980í, bhí baint ag an DUP leis na gluaiseachtaí paraimíleata dílseacha Third Force[7][8] agus Ulster Resistance[9] a chur ar bun.
Le linn an chuid is mó de stair an DUP, ba é Páirtí Aontachtach Uladh an páirtí aontachtach is mó i dTuaisceart Éireann, ach faoi 2004, bhí níos mó suíocháin ag an DUP i dTionól Thuaisceart Éireann agus i dTeach na dTeachtaí na Ríochta Aontaithe.
I 2006, chomhshínigh an DUP Comhaontú Chill Rímhinn agus an bhliain ina dhiaidh sin, d'aontaigh an páirtí le dul i mbun rialtas cineachta roinnte cumhachta le Sinn Féin,[10] a d'aontaigh an tseirbhís póilíní, cúirteanna agus an smacht reachta a thacú. D'fhág Jim Allister (an t-aon bhall de Pharlaimint na hEorpa ag an bpáirtí)[11] agus seachtar gcomhairleoirí[12] an páirtí mar agóid, agus bhunaigh siad an páirtí Glór Traidisiúnta Aontachtach.[13]
Tar éis Paisley, bhí Peter Robinson mar cheannaire ó 2008 go 2015, Arlene Foster ó 2015 go 2021, Edwin Poots ar feadh trí sheachtaine i 2021, agus Jeffrey Donaldson ó Meitheamh 2021 ar aghaidh.
In 2022, tharraing an DUP amach as Stormont mar agóid i gcoinne an mhargaidh a rinne Rialtas na Breataine leis an Aontas Eorpach i dtaca le cúrsaí trádála. Cnámh spairne ab ea na socruithe a bhí ann maidir le hearraí áirithe a iompraítear idir an Bhreatain agus an Tuaisceart.
2024
Ar 29 Eanáir 2024, chinn an DUP filleadh ar Stormont tar éis do choiste feidhmiúcháin an DUP an cheist a chaibidil ar feadh cúig huaire (cuireadh go láidir i gcoinne an chinnidh). Gheall Rialtas na Breataine "deireadh" a chur le "seiceálacha" custaim ar earraí a choinnítear taobh istigh de mhargadh an Tuaiscirt, a mhaígh Donaldson.[14]
D'éirigh Donaldson as an cheannaireacht ar an 29 Márta 2024 nuair a chúisíodh é i gcionta gnéis. Bhí Gavin Robinson ina leascheannaire sula bhfuair sé an t-ardú céime gan choinne Aoine an Chéasta. Toghadh é mar cheannaire an pháirtí i gcúinsí eisceachtúla.[15]
Féach freisin
Tagairtí
- Lee A. Smithey (2011-08-30). "Protestant Unionists and Loyalists". Unionists, Loyalists, and Conflict Transformation in Northern Ireland: 53–76. Oxford University Press.
- James W. McAuley (2016). "Very British Rebels?". Bloomsbury Academic.
- Stephen Ingle (2008-03-11). "The British Party System". doi: .
- Anthony Ridge-Newman (2016-10-02). "1959 General Election, Tories and TV 1958–63". The Tories and Television, 1951-1964: 111–129. London: Palgrave Macmillan UK.
- "The Campaign" (2017). Brexit, No Exit. I.B. Tauris.
- Emmanuel Ordóñez Angulo (2017-02-02). "What Do We See When We See Total Darkness?". European Journal of Philosophy 25 (4): 1039–1061. doi: . ISSN 0966-8373.
- "Ian Paisley death: Third Force 'were a motley crew of teens and farmers...'" (en-GB). belfasttelegraph. Dáta rochtana: 2021-08-01.
- "Campbell, John Dermot, (20 Jan. 1898–23 Jan. 1945), DL (Belfast); MP (U) Co. Antrim since 1943; Deputy Flax Controller for Northern Ireland since 1940" (2007-12-01). Who Was Who. Oxford University Press.
- "CAIN: Abstracts of Organisations - 'U'". cain.ulster.ac.uk. Dáta rochtana: 2021-08-01.
- "DUP 'would share power in May'" (en-GB) (2007-03-24). Dáta rochtana: 2021-08-01.
- "Allister quits power-sharing DUP" (en-GB) (2007-03-27). Dáta rochtana: 2021-08-01.
- "Seventh councillor leaves the DUP" (en-GB) (2007-04-05). Dáta rochtana: 2021-08-01.
- "New unionist group to be launched" (en-GB) (2007-12-07). Dáta rochtana: 2021-08-01.
- Nuacht RTÉ (2024-01-30). "DUP le filleadh ar Stormont faoi réir reachtaíochta úir" (as ga-IE).
- Póilín Ní Chiaráin (7 Aibreán 2024). "DUP ag cruachan in aghaidh na hanachaine" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-04-07.