Páirc an Phiarsaigh
Staid spóirt Éireannach í Páirc an Phiarsaigh (Béarla: Pearse Stadium), atá suite i lár na Gaillimhe. Is í an staid is mó i gContae na Gaillimhe í, agus is é an áit ina bhfuil craobh de Chumann Lúthchleas Gael bunaithe sa chontae. Is sa staid seo a imríos foirne iománaíochta agus peile an chontae a gcuid cluichí.
Ainmnithe in ómós | Pádraig Mac Piarais | |||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Staid | |||
Foirgníocht | 1957 | |||
Dáta na hoscailte oifigiúla | 1957 | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Bóthar na Trá, Éire | |||
| ||||
Gníomhaíocht | ||||
Úinéir | Cumann Lúthchleas Gael | |||
Suíocháin | 26,197 | |||
Club | CLG Chontae na Gaillimhe | |||
Suíomh gréasáin oifigiúil | pearsestadium.ie | |||
Cuirtear ceolchoirmeacha ar siúl i bPáirc an Phiarsaigh freisin.
Stair
Osclaíodh an staidiam ar an 16 Meitheamh 1957, nuair a tháinig 16,000 duine amach chun féachaint ar Gaillimh ag fáil an lámh in uachtar i gcoinne Chiarraí sa pheil agus Tiobraid Árann san iomáint.
Thit an staid as úsáid ag tús na 1990idí. Rinneadh athchóiriú mór ann sa bhliain 2002, ámh, agus athosclaíodh é i mí Bealtaine 2003 le cóir suí níos mó, 20,000 duine.
Naisc sheachtracha
- Suíomh oifigiúil Curtha i gcartlann 2012-12-01 ar an Wayback Machine
- Páirc an Phiarsaigh ar Worldstadiums.com Curtha i gcartlann 2007-03-27 ar an Wayback Machine
Is síol a bhaineann le spórt é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.