Oxford English Dictionary
Is é an foclóir is mó i mBéarla an Oxford English Dictionary, a foilsíodh sa bhliain 1884 don chéad uair.[1][2] Tháinig an dara heagrán amach sa bhliain 1989 (21,728 leathanach agus 20 imleabhar), agus foilsithe ag an Oxford University Press.
(en) A New English Dictionary on Historical Principles (NED) | |
---|---|
Cineál | foclóir ar líne, foclóir Béarla agus foclóir stairiúil |
Cárta innéacs | |
Údar | John Simpson Edmund Weiner James Murray |
Teanga | Béarla |
Foilseachán | Oxford , an Ríocht Aontaithe |
Foilsitheoir | Oxford University Press (en) |
Tréith | |
Príomhábhar | foclóir Béarla |
Seánra | foclóir Béarla |
Eile | |
Uimhir OCLC | 17648714 |
Suíomh gréasáin | oed.com |
Stair
Thosaigh an taighde sa bhliain 1857. Tháinig a chéad imleabhar amach mar an New English Dictionary sa bhliain 1897, a d'éirigh an Oxford English Dictionary, níos déanaí.
Foilsíodh ar an 29 Eanáir 1884 an chéad fhascúl (nó mír) den Oxford English Dictionary (A go Ant). Thóg sé níos mó ná ceithre bliana is daichead ar an gcéad eagrán den fhoclóir a chur i gcrích, nuair a foilsíodh an fascúl a chlúdaigh Wise go dtí an deireadh.
An OED in Éirinn
Is minic a dhéantar tagairtí don Oxford English Dictionary (thar aon fhoclóir eile) sna cúirteanna in Éirinn (cé go mbíodh drogall ar na cúirteanna go hiondúil an-bhéim a chur ar shainmhíniú foclóra agus ciall á baint acu as reachtaíocht). Ó 1922 luadh níos mó ná céad uair an OED i gcúirteanna na hÉireann, gan trácht ar chúirteanna ar bith eile, agus níos mó agus níos mó atá tagairt á déanamh dó.[3]
Tagairtí
- Oxford University Press. "Home : Oxford English Dictionary" (en). www.oed.com. Dáta rochtana: 2021-01-29.
- "Inside the OED: can the world’s biggest dictionary survive the internet?" (en). the Guardian (2018-02-23). Dáta rochtana: 2021-01-29.
- Scoil Dlí, COBÁC. "OED" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2021-01-29.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |