Oskar Schindler
Fear gnó agus Gearmánach eitneach ón tSeicslóvaic ab ea Oskar Schindler. Thug sé tarrtháil ar míle is dhá chéad Giúdach ón Uileloscadh,[1] le linn an Dara Cogadh Domhanda. Is minic a cuireadh i gcomparáid le Giorgio Perlasca é, nó Monsignor Hugh O'Flaherty.
![](../I/Regensburg-memorial-oskar-schindler.jpg.webp)
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 28 Aibreán 1908 Svitavy ![]() |
Bás | 9 Deireadh Fómhair 1974 66 bliana d'aois Hildesheim, An Ghearmáin ![]() |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Cliseadh ae) |
Áit adhlactha | Sliabh Shíón ![]() |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Caitliceach neamhchleachtach |
Gníomhaíocht | |
Gairm | fiontraí, duine den lucht gnó, trodaí frithbheartaíochta, ionadaí díolachán, tionsclaí, táirgeoir ![]() |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí na Naitsithe (1939–) Sudeten German Party (en) ![]() ![]() |
Teangacha | Gearmáinis, An tSeicis, Polainnis agus An Spáinnis |
Saothar | |
Suíomh a chartlainne | |
Teaghlach | |
Céile | Emilie Schindler ![]() |
Gradam a fuarthas
| |
Suíomh gréasáin | oskarschindler.com ![]() |
![]() ![]() ![]() |
Saol
Rugadh Schindler i Zwittau (inniu, Svitavy i bPoblacht na Seice) ar an 28 Aibreán 1908.
Bhí Schindler ina chónaí i Regensburg tar éis an Dara Cogadh Domhanda ar feadh tréimhse ghearr, gan pingin rua; ansin chaith sé seal i München agus chuaigh ar sé imirce go dtí An Airgintín sa bhliain 1948. Tháinig sé ar ais i 1958, ach theip na gnóanna a bhí aige sa Ghearmáin freisin.
Fuair Schindler bás i Hildesheim sa Ghearmáin ar an 9 Deireadh Fómhair 1974.
Schindler's Ark
Bhreac an t-údar Thomas Keneally síos scéal beatha Schindler agus d'fhoilsigh sé é faoin teideal Schindler's Ark sa bhliain 1982.[2]
Schindler's List
Ba é an leabhar Keneally ba bhunús do scannán Steven Spielberg, Schindler's List, sa bhliain 1993.