Olltoghchán na Brasaíle, 2022
Reáchtáladh olltoghchán, toghcháin réigiúnacha agus toghchán uachtaránachta sa Bhrasaíl idir Meán Fómhair - Deireadh Fómhair 2022. Fuair Lula – agus an daonlathas féin – an lámh in uachtar ar Jair Bolsonaro tar éis ceithre bliana. Ach ba ar éigean é: ní raibh dhá faoin gcéad féin idir é agus Bolsonaro i dtoghchán uachtaránachta na Brasaíle 2022.[1]

![]() ![]() | ||||
| ||||
Cineál | grúpa toghchán ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 2 Deireadh Fómhair 2022 ![]() | |||
← 2018
![]() | ||||
Tír | An Bhrasaíl ![]() | |||
Baint le limistéar údaráis | An Bhrasaíl ![]() | |||
Le cuid | ||||
Cúlra
Toghadh Jair Bolsonaro, i mí Dheireadh Fómhair 2018, i bhfad amach ar an eite dheis. Bhain paindéim an choróinvíris an ghaoth as seolta Bolsonaro le linn 2020-2022. Fuair os cionn 700,000 Brasaíleach bás le linn na paindéime.[2]
An toghchán uachtaránachta
Bhí sé deimhnithe gurbh é iarrthóir na heite clé, Luiz Inácio Lula da Silva, a bhuaigh an toghchán uachtaránachta ar 31 Deireadh Fómhair 2022. Fíorbheagán — 50.9% den vóta le hais 49.1% — a bhí idir é agus a chéile comhraic, Jair Bolsonaro ón eite dheis.[3] D'éirigh an Lúlach ina uachtarán ar an mBrasaíl den tríú huair, in aois 77 dó ag an am.[4] Ní raibh idir an bheirt iarrthóirí ach oiread na fríde: níos lú ná 2 mhilliún vótaí.
Chuir Uachtarán na hÉireann Mícheál D. Ó hUigínn teachtaireacht chomhghairdis chuig Lula, ag tnúth go mór le leanacht den chomhoibriú idir Éire agus an Bhrasaíl.
Iarmhairtí
Ní raibh ach seachtain caite in áras an uachtaráin ag Lula nuair a rinne lucht leanúna Bolsonaro iarracht coup d’état dáiríre a dhéanamh. In 2024, d’aimsigh na póilíní feidearálacha fianaise go raibh baint ag Bolsonaro féin leis an ionradh a rinneadh ar thithe an rialtais san ardchathair, Brasília, ar an 8 Eanáir 2023.[5]
Féach freisin
Tagairtí
- Alex Hijmans (14 Feabhra 2024). "Sin a bhfuil, a chairde, tar éis 16 bliain in Salvador, tá mo chuid málaí á bpacáil agam" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-14.
- Alex Hijmans (14 Feabhra 2024). "Sin a bhfuil, a chairde, tar éis 16 bliain in Salvador, tá mo chuid málaí á bpacáil agam" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-14.
- Nuacht RTÉ (2022-10-31). "An Bhrasaíl: Lula caithréimeach, Bolsonaro ciúin" (as ga-IE).
- Alex Hijmans (31 Deireadh Fómhair 2022). "TUAIRISC ON mBRASAÍL: Lá eile ag an Lúlach agus na tinte ealaíne ag pléascadh os mo chionn…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-10-31.
- Alex Hijmans (14 Feabhra 2024). "Sin a bhfuil, a chairde, tar éis 16 bliain in Salvador, tá mo chuid málaí á bpacáil agam" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-14.