Ollom Fódla
I Miotaseolaíocht na nGael, Ard-Rí seanscéalach na hÉireann ab ea Ollamh Fodhla (Sean-Ghaeilge Ollom Fótla, Fódla) mac Fíachu Fínscothach. Ba é Eochaid a chéadainm.[1]
Cineál | duine |
---|---|
Dáta | |
Inscne | fireann |
Slí bheatha | rí |
Náisiúntacht | Éire |
Muintir | |
Athair | Fíachu Fínscothach |
Leanaí | Géde Ollgothach, Slánoll agus Fínnachta |
Tháinig sé i gcoróin tar éis dó an t-iar-ard-rí, Faildergdóid, a mharú. Mharaigh athair Faildeargdóide, Muinemón, athair Eochada. Bhí sé i réim ar feadh daichead bliain, agus fuair sé bás le hadhairt ag Teamhair. Tháinig i gcomharbacht air sraith gan bhriseadh seisir dá shliocht, ar dtús a mhac Fínnachta, ina dhiaidh beirt mhac eile, Slánoll agus Géde Ollgothach.
Deirtear gur bhunaigh sé an Feis Teamrach, a deir Seathrún Céitinn gur dháil a bhí inti, ag a bhailigh uaisle, scoláirí agus ceannairí míleata na hÉireann ar an Samhain gach trí bliana, chun dlíthe a rith, agus annála a ghlacadh. Roimh agus tar éis na Feise, bhíodh trí lá féastaíochta.[2] Thóg sé chomh maith ag Treabhair foirgneamh darb ainm Múr nOlloman (balla an ollaimh).
Deirtear, in ainneoin easpa fianaise, gurb í uaigh Ollaimh Fhodhla ná an tuama pasáiste darb ainm Carn T ag Loch Craobh.[3] Tá cloch mhór ag an suíomh agus snoí neoiliteach uirthi, darb ainm Cathaoir na Caillí nó Cathaoir Ollaimh Fhodhla. Creidtear gurbh ag Carn T a chuir an Reachtóir-Rí Mór a chód dlí i bhfeidhm don chéad uair.[4]
Achar ama
- Leabhar Gabhála na hÉireann: Arbaces agus Sosarmus, a dúradh gur ríthe na Méideach iad, ach anois meastar gur ríthe seanscéalach na hIaráine iad.[5][6]
- Foras Feasa ar Éirinn: 943–913 RC.
- Annála na gCeithre Máistrí: 1318–1278 RC.
Sliocht
- Slánoll, Ard-Rí na hÉireann (athair Ailill Mhic Shlánuill)
- Fínnachta, Ard-Rí na hÉireann (athair Fhiacha Finnfholachais)
- Géde Ollgothach, Ard-Rí na hÉireann (athair Bhearnghail)
- Cairpre (great-grandfather of Fhionn Mhic Bhlátha)
Tagairtí
- Annála na gCeithre Máistrí, M3882-3922
- Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn, 1.26
- Loch Craobh ar logainm.ie
- Loughcrew Passage Tomb Complex, Voices from the Dawn
- Omidsalar, Mahmoud. "Poetics and Politics of Iran's National Epic, the Shahnameh": 35–36. Palgrave MacMillan.
- R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, lch. 235
Réamhtheachtaí Faildergdóid |
Ard Rí na hÉireann ACM 1318–1278 RC FFÉ 943–913 RC |
Comharba Fínnachta |