Olldord
An téaduirlis ceoil is mó, leis an airde is lú, i measc téaduirlisí na ceolfhoirne. Tá dhá chineál ann: ceann ó chlann an víola le guaillí claonta is cúl leata, agus ceann ó chlann an veidhlín le guaillí níos cearnógaí is cúl rud beag cruinn (ach leata, uaireanta). 4 shreang ar an dá cheann, tiúnta i gceathraigh. Uaireanta bíonn an 5ú sreang air is í tiúnta níos ísle ná na sreanga eile. Tá dhá chineál bogha freisin: an cineál Gearmánach don chéad cheann is é greamaithe faoin lámh, agus an cineál Francach a ghreamaítear mar a dhéantar le seinm ar an dordveidhil. Uaireanta pioctar na sreanga, go háirithe don snagcheol agus ceol damhsa.[1]
Cineál | necked box lutes played with a bow (en) |
---|---|
Aicmiú Hornbostel-Sachs | 321.322-71 |
Raon seinm | |
Nóta is ísle | D |
Sonraí | 1400í agus 1800í |
Gairm ealaíonta | seinnteoir olldoird |
Tagairtí
- Hussey, Matt (2011). "Olldord". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 496.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.