Oirthear Maí
Is baile agus paróiste sibhialta suite i gContae Aontroma é Oirthear Maí.[1] Bhí 1,122 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2013.
Oirthear Maí | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | An Ríocht Aontaithe | |||
Comhthír na Ríochta Aontaithe | Tuaisceart Éireann | |||
Contae i dTuaisceart na hÉireann | Contae Aontroma | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Cód poist | BT53 | |||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 1411648 |
Thart ar an bhliain 460, chuir Naomh Olcán mainistir ar bun san áit. Deisceabal de chuid Naomh Pádraig é agus bhain tábhacht réigiúnda leis an mhainistir san am. Is é bun an chloigthí an t-aon rian den mhainistir atá fágtha. Tá sé suite in aice le Teach Pobail Naomh Pádraig agus é timpeall ar 11 m ar airde agus trí húrlár ann. Tá sé ina shéadchomhartha sceidealaithe (SMR, uimhir ANT 013-010). Tá teampall breá Preisbitéireach ar an bhaile chomh maith.
Tá clú ar Oirthear Maí inniu mar gheall ar imeachtaí gluaisrothaíochta a thionóltar ann.
Naisc sheachtracha
- Eolas faoi Chloigtheach Oirthear Maí Curtha i gcartlann 2014-11-29 ar an Wayback Machine
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
- “Oirthear Maí/Armoy | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.