Oidheadh Chlainne Uisnigh
Is cuid de chnuasach laochscéalta na Rúraíochta é Oidheadh Chlainne Uisnigh. Téann an scéal siar go dtí 6ú haois, ach scríobhadh an leagan leis an teideal úd as Nua-Ghaeilge Moch.[1]
Scéal tragóideach is ea é faoin ógbhean Deirdre, a bhí roghnaithe mar chéile ag Conchúr mac Neasa, ach a d'éalaigh le Naoise go hAlbain. Tar éis tamaill, d'iarr Conchúr ar Naoise agus a dheartháireacha, clann Uisnigh, teacht ar ais go hÉirinn go dtuga sé mathúnais dóibh. Maraíodh na deartháireacha go fealltach chomh luath agus a shroich siad príomhchathair an rí, Eamhain Mhacha. Léim Deirdre as carbad an rí agus rinneadh smidiríní dá ceann in aghaidh carraige.
Foinsí
- Lámhscríbhinní
- Leabhar Laighneach, ll. 259b–261b; 12ú haois (leagan is sine)
- Leabhar Buí Leacáin, col. 749–753; 14ú haois.
- Lámhscríbhinn Ghleann Masain; 15ú haois.
- Egerton 1782, ff. 67r–69v; 16ú haois.
- CELT
- Longes mac n-Uislenn, G301020B
- Deirdre, G301020
- Deirdre, T301020, aistriúchán Béarla le Dubhghlas de hÍde
- CODECS
- Longes mac nUislenn, ID 681
- Oidheadh chloinne hUisneach, ID 2845
- Deirdre agus Naoise ar askaboutireland.ie
- Naoise + Deirdre Curtha i gcartlann 2019-10-20 ar an Wayback Machine ar naoise.info
- Deirdre of the Sorrows ar allaboutdeirdre.com
Féach freisin
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.