Oasis
Rac-bhanna Sasanach ba ea Oasis, a cuireadh ar bun i Manchain sa bhliain 1991. D'fhás Oasis amach ó ghrúpa a bhí ann níos luaithe, The Rain, bhí Lia Gallagher (fonnadóireacht, tambóirín agus maracai), Paul "Bonehead" Arthurs (giotár), Paul "Guigsy" McGuigan (dordghiotár) agus Tony McCarroll (drumaí agus cnagadh) sa bhanna ón tús.
|
|||||
![]() (2005) ![]() | |||||
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | racbhanna ![]() | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 1991, Manchain ![]() | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Tréimhse oibre | 1991 – 2009 | ||||
Lipéad ceoil | Creation Records Sony Music Big Brother Columbia Records Epic Reprise Records ![]() | ||||
Seánra | Rac malartach, rac indie, Breat-pop agus pop indie ![]() | ||||
Faoi thionchar | |||||
Le cuid | Chris Sharrock Gem Archer Alan White Paul "Bonehead" Arthurs Paul "Guigsy" McGuigan Tony McCarroll Noel Gallagher, Lead guitarist (en) ![]() Liam Gallagher, Ceol gutha (1991–2009) Andy Bell, Dordóir (1999–2009) ![]() | ||||
Eile | |||||
Gradam a fuarthas
| |||||
Suíomh gréasáin | oasisinet.com ![]() | ||||
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
Chuaigh deartháir níos sine Liam, Noel Gallagher (giotár luaidhe agus príomhchumadóir amhrán) mar an chúigiú ball, agus bhí sin mar foireann an mbanna go dtí Aibreán 1995.
Sínigh Oasis leis an lipéad ceol neamhspleách, Creation Records i 1993 agus scaoil siad a chéad albam, Definitely Maybe, a sháraigh curiarrachtaí i 1994.
Tá inspioráid tógtha ag Oasis ó a lán de na bannaí Sasanacha a bhain cáil amach sna 1960idí, mar shampla The Beatles, The Who, The Kinks agus The Rolling Stones. Chomh maith le sin, bhí tionchar mór ag bannaí eile as Manchain orthu freisin, mar shampla The Smiths agus The Stone Roses.
Bhí Oasis ar cheann de na bannaí is mó ar ar dtugtaí Britpop i lár na 1990idí, in éineacht le Blur, Pulp, Elastica, Cast agus roinnt bannaí eile. Bhí coimhlint cháiliúil sna meáin agus sna cairteacha idir iadsan agus Blur, na bannaí ba mhó ag an am.
I mí Lúnasa 2009, dúirt Noel Gallagher go raibh sé ag éirí as an banna de bharr coimhlintí le Liam, agus bhunaigh sé Noel Gallagher's High Flying Birds. Tá tri albam agus E.P. eisithe acu.
Athainmnigh Liam, agus baill eile as Oasis, an banna mar "Beady Eye". Díscaoileadh Beady Eye sa bhliain 2014, tar éis dhá albam.
Dioscliosta
Albaim stiúideo
- Definitely Maybe (1994)
- (What's The Story) Morning Glory? (1995)
- Be Here Now (1997)
- Standing On The Shoulder Of Giants (2000)
- Heathen Chemistry (2002)
- Don't Believe The Truth (2005)
- Dig Out Your Soul (2008)
Albam Beo
Familiar to Millions (2000)
I.B
Stop the Clocks (2006)
Albaim díolama
1. Definitely Maybe: The Singles (1996)
2. (What's the Story) Morning Glory?: The Singles (1996)
3. The Masterplan (Diolaim taobh-B) (1998)
4. Stop the Clocks (2006)
5. Time Flies... 1994-2009 (2010)
Tagairtí
![]() | Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |