Nuadha Neacht
Sa Rúraíocht agus Miotaseolaíocht na nGael, ba Ard-Rí na hÉireann é Nuadha Neacht (Sean-Ghaeilge Nuadu Necht), (sa chiall glan, geall), mac Sétna Sithbac, sliocht de chlann Crimthann Coscrach, Laighin. Tháinig sé i gcoróin agus a réamhtheachtaí, Eterscél Mór, básaithe aige. Mharaigh Conaire Mór mac Eterscéil é in am agus i dtráth.
Cineál | duine |
---|---|
Dáta | |
Inscne | fireann |
Slí bheatha | rí |
Náisiúntacht | Éire |
Achar ama
Bhí sé i réim ach ar feadh sé mhí. I bhfoinsí ar leith, faightear croineolaíochtaí ar leith dá réim:
- Leabhar Gabhála na hÉireann: ar chomhaois le hImpire na Róimhe, Augustus (27 RC – AD 14), Críost, agus ríthe finscéalacha na cúigí, Conchobar mac Nessa (U), Cairpre Nia Fer (L) agus Ailill mac Máta (C).[1]
- Foras Feasa ar Éirinn: 64 – 63 RC[2]
- Annála na gCeithre Máistrí: go dtí 111–110 RC,[3] 'sé sin, na céadta níos luaite; curtha le chéile ar feadh lánbhliana le hÉr, Orba, Ferón agus Fergna.[4]
San Fhiannaíocht
Ba shinsear Fionn mac Cumhaill, mac Treunmor mac Suaelt mac Eltan mac Baoisgne mac Nuada Necht féin.
Ceaptar scaití gurbh athair an draoi Tadg mac Nuadat (arbh mháthair Fhinn í a iníon, Muirne) é Nuadha Neacht féin, cé go bhfuil Nuada Airgeadlámh na dTuath Dé Danann atá i gceist.[5]
Tagairtí
- R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, lch. 301
- Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn 1.37
- Annála na gCeithre Máistrí, M5089-5088
- Annála na gCeithre Máistrí, M3519
- James MacKillop, Dictionary of Celtic Mythology, Oxford University Press, 1998, lch. 308
Réamhtheachtaí Eterscél Mór |
Ard-Rí na hÉireann LGE 1d aois AD FFE 64–63 RC ACM 111–110 RC |
Comharba Conaire Mór |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.