Nigel Farage
Polaiteoir, craoltóir agus tráchtaire polaitíochta Sasanach is ea Nigel Farage a bhí mar cheannaire ar Páirtí Neamhspleách na Ríochta Aontaithe (UKIP) ó 2006 go dtí 2009 agus arís ó 2010 go dtí 2016. Tá sé mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa i gcomhair Oirdheisceart Shasana ó 2009. Déanann sé cathaoirleacht ar an ngrúpa "Europe of Freedom and Direct Democracy". Is Eoraisceipteach mór le rá é sa RA atá iomráiteach mar gheall ar a óráidí conspóideacha i bParlaimint na hEorpa agus cháin sé an Eor-airgeadra go láidir.
Bhí Farage mar dhuine de bhunaitheoirí Páirtí Neamhspleách na Ríochta Aontaithe, i ndiaidh gur fhág sé an Páirtí Coimeádach i 1992 mar gheall ar síniú Chonradh Maastricht. I ndiaidh feachtais neamhthorthúil i dtoghcháin pharlaiminte san Eoraip agus i Westminster i gcomhair UKIP ó 1994, toghadh é mar FEP i le haghaidh Oirdheisceart Shasana i dToghchán do Pharlaimint na hEorpa i 1999. Atoghadh é i 2004, 2009 agus, is deireanaí, i 2014.
D'imigh Farage de UKIP i Mí na Nollag 2018, agus é ag scríobh sa nuachtán The Telegraph "nach é UKIP páirtí an Bhreatimeachta ar gá linn é", agus é ag cáineadh an pháirtí as a bheith frithioslamach agus róghafa le Tommy Robinson, duine mór ar an eite an-deis i Sasana.[1][2][3] Ó Mí Eanáir 2019, tá Farage ina cheannaire ar pháirtí polaitíochta nua, an Brexit Party ('Páirtí an Bhreatimeachta'), atá ag feachtasóireacht le haghaidh imeacht láithreach den Ríocht Aontaithe den Aontas Eorpach, agus a sheasfaidh iarrthóirí do na toghcháin Eorpacha i Mí na Bealtaine 2019.[4][5]
Tagairtí
- Nigel Farage (2018-12-04). "With a heavy heart, I am leaving Ukip. It is not the Brexit party our nation so badly needs" (en-GB). The Telegraph. Dáta rochtana: 2019-05-08.
- "Le partisan du Brexit Nigel Farage quitte l'Ukip, son parti europhobe" (fr). Le Huffington Post (2018-12-04). Dáta rochtana: 2019-05-08.
- Peter Walker Political correspondent (2018-12-04). "Nigel Farage quits Ukip over its anti-Muslim 'fixation'" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-05-08.
- Josh Halliday (2019-01-20). "Nigel Farage to lead new pro-Brexit party if EU departure delayed" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-05-08.
- "View registration - The Electoral Commission". search.electoralcommission.org.uk. Dáta rochtana: 2019-05-08.