Nicíte Cruistsiof
Ceannaire Rúiseach ab ea Nicíte Cruistsiof[1] nó Nikita Khrushchev (Rúisis: Ники́та Серге́евич Хрущёв, Béarla: Nikita Sergeyevich Khrushchyov) (17 Aibreán, 1894 - 11 Meán Fómhair, 1971).
Saol

Chuaigh Cruistsiof i gceannas ar an Aontas Soivéadach tar éis bhás Iósaf Stailín sa bhliain 1953.
Sa bhliain 1961, d’aithin Cruistsiof nach dtiocfadh leis an teitheadh as Beirlín Thoir a cheadú ní ba mhó.[2]. D’ordaigh an Ceannaire Rúiseach go dtógfaí balla ollmhór idir iarthar agus oirthear na cathrach. Scoilteadh Beirlín go buan i Lúnasa 1961: bhí tús curtha le tógáil an bhalla ar an 13 Lúnasa 1961.

Bhí Cruistsiof ina cheannaire i rith Ghéarchéim na nDiúracán i gCúba.
Lean Cruistsiof ar aghaidh ina Ard-Rúnaí ar Pháirtí Cumannach an Aontais Shóivéadaigh go dtí an bhliain 1964, nuair a ruaig Leonid Brezhnev agus a lucht leanúna as an oifig é.
Féach freisin
Tagairtí
- ""Nicíte Cruistsiof"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-08-13.
- St Marys, Béal Feirste. "An Cogadh Fuar". Dáta rochtana: 2020.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |