Nia Segamain
I Miotaseolaíocht na nGael, Ard Rí seanscéalach na hÉireann ba ea Nia Seaghamhain (Sean-Ghaeilge Nia Segamain) mac Adamair.
Cineál | duine |
---|---|
Dáta | |
Inscne | fireann |
Slí bheatha | rí |
Muintir | |
Athair | Adamair |
Leanaí | Finnat Már |
Tháinig sé i gcoróin tar éis dó an t-iar-ard-rí Conall Collamrach, a mharú. Deir Seathrún Céitinn gurbh í a mháthair Flidais na dTuath Dé Danann, bandia na coille. Ba í a cuid draíochta ba chúis a thug eilití fiáine bainne mar ba bha ceansuithe iad, i rith a réime.[1] Bhí sé i réim ar feadh seacht mbliana, sular mharaigh Énna Aignech é.
Sanasaíocht
As Sean-Ghaeilge, tá dhá bhrí le nia: gaiscíoch [2] agus mac deirféar.[3]. Le haghaidh Segamain, faightear é sa Chóir Amnann: "Nia Seagamain .i. nia trenfer ┐ segda[4] a main."[5]. Is s suimiúil é áfach go bhfuil brí "bainne" le seg.[6]
B'fhéidir go bhfuil a ainm gaolta le Segomo, dia ársa na nGallach, ab ionann agus Mars agus Earcail i ré na Róimhe.[7] Sinsear sna luathghinealaigh na n-Eóganacht ab ea pearsa beagáinín níos stairiúla darbh ainm Nia Segamain, agus dá bharr mar fhianaise, deirtear scaití go raibh bunús Gallacha ag an sliocht.[8]
Achar ama
- Leabhar Gabhála na hÉireann: Ptolemy VIII Physcon na hÉigipte (145–116 RC).[9]
- Foras Feasa ar Éirinn: 226–219 RC.
- Annála na gCeithre Máistrí: 320–313 RC.[10]
Féach freisin
Tagairtí
- Foras Feasa ar Éirinn, 1.30
- 1 nia ar eDIL
- 2 nia ar eDIL
- segda ar eDIL
- segamain, Cóir A.2 i § 109, ar eDIL.
- 1 seg ar eDIL
- James MacKillop, Dictionary of Celtic Mythology, Oxford University Press, 1998, lch. 337
- Francis John Byrne, Irish Kings and High-Kings, Four Courts Press, 2a eagrán athbhreithnithe, 2001.
- R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 287-289
- Annála na gCeithre Máistrí, M4880 - 4887
Réamhtheachtaí Conall Collamrach |
Ard Rí na hÉireann LGÉ 2a haois RC FFÉ 226–219 RC ACM 320–313 RC |
Comharba Énna Aignech |