Naomh Pól
Is é Naomh Pól (timpeall 10 - timpeall 67) duine de na haspail is cáiliúla agus is tábhachtaí i stair na Críostaíochta. Murarbh ionann agus na haspail eile ní raibh aithne phearsanta aige ar Íosa Críost. Níor chreid sé i scéal Íosa go dtí lá amháin nuair a chonaic sé aisling d'Íosa aiséirithe agus é ar an bhealach go dtí an Damaisc. Ceiliúrtar Tiontú Naomh Pól ar an 25 Eanáir.
![]() ![]() | |
Ainm sa teanga dhúchais | (grc) Παῦλος (he) שאול |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (he) שאול התרסי c. 5 Tarsus (Impireacht na Róimhe) |
Bás | Lúnasa 64 ↔ 67 61/62 bliana d'aois An Róimh (Impireacht na Róimhe) |
Siocair bháis | Pionós an bháis (Dícheannadh) |
An Dá Aspal Déag | |
44 – ![]() | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Fairisínigh agus An Chríostaíocht |
Áit chónaithe | Tarsus Iarúsailéim An Damaisc Aintíoch Salamis (en) ![]() Paphos Antioch of Pisidia (en) ![]() Konya Liostra Derbe (en) ![]() Alexandria Troas (en) ![]() Philippi (en) ![]() Teasaloinicé Veroia (en) ![]() An Aithin An Choraint Eifeasas Miléatas An Tuír Acre (en) ![]() Caesarea Maritima (en) ![]() Siodón Míora Kaloi Limenes (en) ![]() Sioracús, an tSicil An Róimh |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, raibí, taistealaí, duine rialta, diagaire, misinéir, ceardaí ![]() |
Tréimhse ama | Ard-Impireacht na Róimhe |
Mac/iníon léinn de chuid | Gamailiéil |
Mac/iníon léinn | Lidia ó Thíaitíora |
Faoi thionchar | Gamailiéil agus Íosa Críost |
Teangacha | An tSean-Ghréigis, An Eabhrais, An Ghréigis choitianta agus an Laidin |
Ardú | |
| |
Lá féile | 12 Iúil 10 Feabhra 25 Eanáir 18 Samhain ![]() |
Siombail íocónagrafach | Féasóg, ionar, cóta, claíomh, capall agus eabhar eilifinte |
Saothar | |
Saothar suntasach | |
Croineolaíocht | |
conversion of Paul the Apostle (en) ![]() | |
Incident at Antioch (en) ![]() ![]() | |
![]() ![]() ![]() ![]() |

Tá tionchar ollmhór aige ar Thiomna Nua an Bhíobla toisc an méid scríbhneoireachta a rinne sé agus is féidir léargas a fháil ar an gCríostaíocht i dtús a réimse óna chuid litreacha. Tá ceithre litir déag againn scríofa aige agus is dóichí gurb iad siúd na cinn is sine. Luaitear trí thuras Naomh Pól i nGníomhartha na nAspal freisin.
Tá formhór na litreacha seo scríofa chuig séipéil timpeall na Gréige, na hÁise Bige agus na Róimhe, agus iad lán de chomhairle faoin gcaoi chun saol Críostaí a bheith ag duine agus céard a bhí i soiscéal Íosa.
Saol
Rugadh é i dTarsas, baile i gcríocha na hÁise Bige (na Tuirce an lae inniu). Admhaíonn Naomh Pól féin gur chaith sé anuas ar Chríostaithe agus é óg, agus go raibh sé i láthair nuair a rinneadh mairtíreach de Naomh Stiofáin. Ach lá amháin agus é ar a bhealach go dtí an Damaisc, tháinig Íosa chuige in aisling agus d'impigh sé ar Phól a shaol a athrú. I ndiaidh na heachtra seo bhí Pól dall go dtí gur bhaist Ananias é. Ó shin ar aghaidh thug Pól faoi theachtaireacht Íosa Críost a scaipeadh.
Ina dhiaidh sin thaistil sé ar fud na háite ag múineadh an tsoiscéil. D'fhill sé lá ar Iarúsailéim, agus cé gur lig na Giúdaigh dó fanacht ansin ar dtús, tháinig fearg ar ghrúpa mór a bhí réidh lena chur chun báis. Ach shábháil saighdiúir Rómhánach é. Gabhadh agus cuireadh i bpríosún é.
Níl sé iomlán cinnte céard a tharla dó ina dhiaidh sin. De réir Eusebius ó Chaesarea (sa 4ú haois) cuireadh chun báis é faoi riail an Impire Nearó. Tá traidisiún ann go bhfuair Naomh Pól bás ar an lá cheanna agus Naomh Peadar (29 Meitheamh) sa bhliain 64 nó 67.
De réir chuntais eile. chuaigh sé go dtí an Spáinn agus is féidir go ndeachaigh sé go dtí an Ghréig agus an Áis Bheag. Pé scéal é, is cosúil gur gabhadh é, agus gur cuireadh chun báis é sa Róimh.
Tagairtí
![]() | Is síol faoi chreideamh é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
![]() | Is síol faoi scríbhneoir é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |