Nairobi
Is é Nairobi príomhchathair na Céinia, agus é ar an gcathair is mó sa tír sin freisin. Tá sé suite i gCúige Nairobi i ndeisceart na tíre, 150km slí ón Meánchiorcal: réigiún trópaiceach atá ann. Is é an chathair is mó daonra in oirthear na hAfraice é agus tuairim is 3 milliún duine ina gcónaí ann. Tá Nairobi 1795 méadar os cionn leibhéil na farraige. 150 km² achar iomlán na cathrach.
![]() | |||||
---|---|---|---|---|---|
|
|||||
![]() ![]() | |||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Chéinia | ||||
County of Kenya (en) ![]() | Nairobi County (en) ![]() ![]() | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 5,545,000 (2016) ![]() | ||||
• Dlús | 7,966.95 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Southern Rift Valley (en) ![]() ![]() | ||||
Achar dromchla | 696,000,000 m² ![]() | ||||
Airde | 1,661 m ![]() | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1899 | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 020 ![]() | ||||
Cód ISO 3166-2 | KE-110 ![]() |
Sa bhliain 1889 a bunaíodh stáisiún lasta Nairobi ar an iarnród idir Mombasa agus Uganda. Tháinig borradh agus fás ar Nairobí agus roghnaíodh mar phríomhchathair Oir-Afraic na Breataine é sa bhliain 1907, agus mar phríomhchathair phoblacht neamhspleách na Céinia sa bhliain 1963.
Is iad an tSvahaílis agus an Béarla príomhtheangacha na cathrach, ach úsáídtear teangacha eile ar nós Kikuyu, Luo agus an patois ar a dtugtar Sheng.
Leabharliosta
- (en) Raoul J. Granqvist, The bulldozer and the world : culture at work in postcolonial Nairobi, Peter Lang, Frankfurt, Berlin, Berne, 2004, 198 p.ISBN 3-631-52357-2
- (fr) Claude Blevin et Jean Bouczo, Nairobi : un siècle d'histoire (1898-1997), Institut français de recherche en Afrique, Nairobi, 1997, 67 p.
- (fr) Hélène Charton-Bigot et Deyssi Rodriguez-Torres (dir.), Nairobi contemporain : les paradoxes d'une ville fragmentée, Karthala, Paris ; IFRA, Nairobi, 2006, 527 p. ISBN 2-84586-787-5
Naisc
- Comhairle cathrach Nairobi Curtha i gcartlann 2012-07-22 ar an Wayback Machine