Néaró
Ba é Néaró,[1] nó Nero Claudius Caesar Augustus Germanicus, a saolaíodh faoin ainm Lucius Domitius Ahenobarbus, ar a dtugtaí Nero Claudius Caesar Drusus Germanicus freisin, (15 Nollaig, 37 - 9 Meitheamh, 68) an cúigiú hImpire ar Impireacht na Róimhe.
Ainm sa teanga dhúchais | (la) Nero Claudius Cæsar Augustus Germanicus (la) Nero Claudius Drusus Germanicus |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (la) Lucius Domitius Ahenobarbus 15 Nollaig 37 Antium (Impireacht na Róimhe) |
Bás | 9 Meitheamh 68 30 bliana d'aois An Róimh |
Siocair bháis | Consensual homicide (en) (Easfhuiliú) |
Áit adhlactha | Mausoleum of the Domitii Ahenobarbi (en) |
5 Impire Rómhánach | |
13 Deireadh Fómhair 54 – 9 Meitheamh 68 ← Cláidias – Galba → | |
Seanadóir de chuid na Sean-Róimhe | |
Consal Rómhánach | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Creidimh na Sean-Róimhe |
Áit chónaithe | Domus Aurea (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file, polaiteoir, saighdiúir |
Tréimhse ama | Ard-Impireacht na Róimhe |
Teangacha | An Laidin |
Eile | |
Teideal uasal | Augustus |
Teaghlach | Julio-Claudian dynasty (en) , Domitii Ahenobarbi (en) agus Claudii Nerones (en) |
Céile | Sporus Claudia Octavia (53–62), colscaradh Poppaea Sabina (62–65), bás a c(h)éile Statilia Messalina (66–68), bás |
Páirtí | Claudia Acte |
Páiste | Claudia Augusta ( Poppaea Sabina) |
Athair | Gnaeus Domitius Ahenobarbus agus Cláidias agus Agrippina Óg |
Duine muinteartha | Rufrius Crispinus (leasmhac) |
Tá clú ar Néaró mar gheall ar an bhfinscéal gur sheinn sé ar an bhfidil agus an Róimh ag dul trí thine. Thairis sin, bhí sé ar dhuine de na hImpirí ba mhó a rinne géarleanúint ar na Críostaithe i stair Impireacht na Róimhe.
Riail
Bhí Néaró ag rialú na Róimhe sna blianta 54-68, agus é ag díriú ar chúrsaí taidhleoireachta, trádála agus cultúir ach go háirithe.
- Chuir Néaró cogadh ar na Pairtiaigh san Oirthear
- Chloígh Néaró ceannairc na mBreatnach.
- Thosaigh An Chéad Chogadh idir na Rómhánaigh agus na Giúdaigh lena linn.
Tá sé de chlú ar Néaró gur chaith sé an chuid ba mhó dá am ag útamáil le ceoltóireacht, ag marú Críostaithe agus ag bualadh craicinn le fir is le mná, gan trácht a dhéanamh ar mharú a mháthar féin (Agrippina).
Tá an tuiscint seo bunaithe ar scríbhinní Suetonius, Cassius Dio, agus Tacitus, nach raibh mórán bá ag aon duine acu le Néaró. Tá foinsí ann, áfach, a thugann le fios go raibh an-luiteamas ag cosmhuintir na Róimhe le Néaró .
Géarleanúintí na gCríostaithe
Maidir leis na staraithe Críostaí, is é an bharúil a bhí acusan riamh gurbh é Néaró a chuir tús le géarleanúintí na gCríostaithe sa Róimh. De réir na bhfinscéalta Críostaí, cuireadh beirt Aspal, mar atá, Peadar agus Pól, chun báis nuair a bhí Néaró sa ríchathaoir. Bhain an scríbhneoir Polannach Henryk Sienkiewicz leas as an scéal seo ina mhórúrscéal Quo vadis, a thabhaigh Duais Nobel na Litríochta dó sa bhliain 1905. Úrscéal stairiúil atá ann agus é suite sa Róimh le linn Néaró.
Féinmharú
Sa bhliain 68, d'éirigh na míleataigh amach in aghaidh Néaró.
Chuir an t-impire lámh ina bhás féin ansin, de rogha ar an gcur chun báis a bhí i ndán dó.
Thum an Impireacht i gcogadh cathartha ar feadh bliana, a dtugtar Bliain na gCeithre Impirí air. Tháinig Vespasian i gcomharbacht ar Néaró faoi dheireadh.
Piseoga
Chuaigh géarleanúintí Néaró go mór mór i bhfeidhm ar na Críostaithe comhaimseartha.
In Apacailipsis Eoin, luaitear beithíoch agus marc an bheithígh, agus deirtear gurb é 666 uimhir an bheithígh. Cé gurb iomaí ciall is féidir le lucht an mhisteachais a bhaint as an uimhir sin, is é an tuiscint atá ag an Eaglais gur tagairt do Néaró a bhí ann.
Is amhlaidh gur féidir úsáid na n-uimhreach a bhaint as na litreacha Eabhraise, agus má scríobhtar an t-ainm NERON síos sna litreacha sin, is féidir é a chiallú mar "666".
Tagairtí
- ““Néaró” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2022-09-21.