Murray Gell-Mann
Fisicí teoiriciúil a rugadh i Nua-Eabhrac ab ea Murray Gell-Mann (15 Meán Fómhair 1929 - 24 Bealtaine 2019). I 1953 thug sé isteach coincheap an choimhthís, uimhir chandamach nua is gá a imchoimeád in aon idirghníomhú núicléach láidir idir buncháithníní. Bhain sé feidhm as an gcoimhthíos —mar a rinne Yuval Ne'eman, neamhspleách air — chun méasóin, núicléóin (prótóin is neodróin) agus hipearóin a rangú. Bhí siad in ann réamhinsintí a dhéanamh maidir le núicléis, ar an dóigh chéanna a ndearna Dmitri Mendeleev maidir leis na dúile le clár peiriadach na ndúl. Réamhinis sé an cáithnín óimige-míneas (ω-), agus braitheadh i dturgnaimh é i 1964. Le George Zweig, thug sé isteach coincheap an chuairc, gach ceann le trian de lucht an leictreoin agus uimhir baróin ar leith. 6 chuarc a réamhinis siad: íoschuarc, uaschuarc, cuarc coimhthíoch, briochtchuarc, bunchuarc, is barrchuarc. Bhuaigh sé Duais Nobel na Fisice i 1969 as seo.[1]
Tagairtí
- Hussey, Matt (2011). "Murray Gell-Mann". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 312.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin bhfisic é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |