Muiredach Muillethan
Rí na gConnacht de chlann Uí Bhriúin Aoi ba ea Muireadhach Moilleathan mac Fearghasa (Sean-Ghaeilge Muiredach Muillethan[1] mac Fergusso nó Muiredach Mag Aí) (bás 702) was a King of Connacht. Raghallach mac Uadach (bás 649), iar-rí, ba ea a sheanathair.[2][3]
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 702 (Féilire Ghréagóra) |
Teaghlach | |
Páiste | Cathal mac Muireadhaigh, Indreachtach mac Muireadhaigh |
Athair | Fergus mac Rogallach Ó Briuin |
Duine muinteartha | Rogallach mac Uatach (seanathair athartha) |
Insítear sna hannála gur maraíodh a athair, Fergus (Muirgius), sa bhliain 654 ag fir Uí Fhiachrach Aidhne.[4][5] Deirtear go bhfuair a uncail Cathal mac Raghallaigh bás sa bhliain 680.[6][7] Ní thuairiscítear a teacht i gcoróin ar mhuintir Uí Bhriúin ach caithfidh go raibh sé tar éis bhás Chinn Faoladh mhic Colgan (bás 682) de chlann Uí Bhriúin Seola.
Níl na ríliostaí ar aon intinn maidir le ord na ríthe le linn na tréimhse seo. I Sioncronachtaí Laud, feictear Muireadhach tar éis Fhearghaile, ach sa Leabhar Laighneach cuirtear é i bhfad níos deireanaí.[8] Deirtear i nAnnála Tiarnaigh go raibh Muireadhach i réim mar rí Chonnacht ón mbliain 696 go dtí 702, i gcomharbacht ar Fhearghal Aidhne mac Arghaile (bás 696).[9][10][11] Níl aon rud taifeadta áfach faoi eachtraí a réimis.
Bhí Muireadhach pósta le Cacht de Corco Cullu (mion threibh ar Mag nAí), iníon mharfóir a sheanathair, Rogallach.[12]
Sinsear Shíol Muireadhaigh na gConnacht ba ea é. I measc a mhac a bhfuil aithne orthu, tá Indreachtach (bás 723) agus Cathal (bás 735), ríthe Chonnacht beirt.
Craobh ghinealaigh
Muiredach Muillethan | |____________________________________________________________________________ | | | | Indrechtaig, died 723. Cathal | | |____________________________________________________________ |__________________________________ | | | | | | | | | | | | | | | | | | Áed Balb (died 742) Muiredach (died 732) Tadg Murgal Medb Dub Indrecht Artgal Dub Díbeirg Forgartach = ? = Áed Oirdnide d. 768. d. 792. d. 787. fl. 789. | | | | Tipraiti Niall Caille | | | | Síol Muireadaigh Áed Findliath
Foinsí
- Corpus of Electronic Texts
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Gearoid Mac Niocaill (1972), Ireland before the Vikings, Dublin: Gill and Macmillan
Naisc sheachtracha
Tagairtí
- muil-, mul, mol, barr, ar eDIL
- Byrne, Tábla 20
- Mac Niocaill, lch. 157
- Annála Uladh, AU 654.4
- Annála Tiarnaigh, AT 654.2
- AU 680.3
- AT 680.2
- Tugtar réimeas 11 bhliain sa dá fhoinse, ámh.
- AT 702.1
- Mac Niocaill, lch. 117-118
- AU 702.1, ní thugtar an teideal rí dó.
- Mac Niocaill lch. 118