Muircheartach Mac Lochlainn
Bhí Muircheartach Mac Lochlainn ina Rí Chenél nEoghain, Rí Thír Eoghain agus Ard-Rí Éirinn ó 1156 go dtí lá a bháis sa bhliain 1166. Tháinig sé i gcomharbas ar Toirdhealbhach mac Ruaidhrí Ua Conchobhair mar Ard-Rí.
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 1166 (Féilire Ghréagóra) |
Áit adhlactha | Ard Mhacha |
Rí Ailigh | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Caitliceachas |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Eile | |
Teideal uasal | Ardrí na hÉireann |
Teaghlach | Cineál Eoghain |
Páiste | Niall Mac Lochlainn, Mael Sechlainn mac Muircheartaigh Mac Lochlainn, Conchobar mac Muircheartaigh Mac Lochlainn, Derbforgaill |
Athair | Niall |
Choimeád sé coróin na tíre in ainneoin iarracht ó Ruaidri mac Tairrdelbach Ua Conchobair é a bhriseadh as sa bhliain 1159. Níor éirigh leis, áfach, an ceann ab fhearr a fháil ar a shean-naimhde Cenél Conaill agus na hUlaid. Sa bhliain 1166, rinne sé iarracht teacht ar shocrú taidhleoireachta lena chomharsana. Chuir sé sos cogaidh ar bun, agus thóg sé gialla ó chuid mhaith de chlanna Uladh. Mar pháirt den socrú, thug sé mionn sollúnta d'Easpag Ard Mhacha agus daoine mór le rá eile maidir lena deá-iompair. Níorbh fhada gur bhris sé an mionn, áfach, nuair a gabhadh agus dalladh Eochaid mac Con Ulad Mac Duinn Sléibe, Rí Uladh.
Thréig a gcomhghuaillithe é láithreach bonn, agus fágadh Muircheartach gan mórán tacaíochta. Maraíodh eisean agus seisear déag dá chomrádaithe eile, rud a cuireadh síos de dhíoltas Naomh Pádraig.
Féach freisin
Tagairtí
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |