Muinemón
I Miotaseolaíocht na nGael, Ardrí na hÉireann ba ea Muineamhón (Sean-Ghaeilge Muinemón) mac Cas Clothach mhic Irárd mhic Rothechtaid mhic Ros mhic Glas mhic Nuadu Declam mhic Eochaid Faebar Glas.
Cineál | duine |
---|---|
Dáta | |
Inscne | fireann |
Slí bheatha | rí |
Cúis bháis | plá |
Muintir | |
Leanaí | Faildergdóid |
Thug sé cabhair d'Fhiacha Fíonscothach um a athair Sétna Airt a mharú agus a éirí ina Ard-Rí. Fiche bliain ina dhiaidh sin, mharaigh sé Fiacha agus rinneadh Ard-Rí de féin. Deirtear gurbh i rith a réimis, a thosaigh lucht leanúna an rí toirc óir a chaitheamh thart ar a muiníl (d'fhéadfadh é go bhfuil a ainm féin fréamhaithe ó muin(eál)). Bhí sé i réim ar feadh cúig bliana, sular éag sé den phlá ag Aidne i gConnacht. Tháinig a mhac Faildergdóid i gcomharbacht air.[1]
San aistriúchán Béarla le Stewart Macalister, insítear gur rí Dhairbre é Muineamhón.[2] I Collectanea de rebus hibernicis, aithníonn Charles Vallencey "Dairbre" mar Uíbh Ráthach, Contae Chiarraí.[3]
Achar ama
- Foras Feasa ar Éirinn: 955–950 RC[4]
- Annála na gCeithre Máistrí to 1333–1328 RC.[5]
Tagairtí
- R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 231-233
- Leabhar Gabhála na hÉireann, Cuid V, lch. 501, R. A. Stewart Macalister.
- Collectanea de rebus hibernicis, Imleabhar 1, eag. Charles Vallencey, lch. 390 nasc Leabhair Google
- Foras Feasa ar Éirinn (1.26)
- Annála na gCeithre Máistrí M3867
Réamhtheachtaí Fíachu Fínscothach |
Ard-Rí na hÉireann ACM 1333–1328 RC FFÉ 955–950 RC |
Comharba Faildergdóid |